Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Marcas 9:14-26 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

14. Ar theacht dóibh go dtí na deisceabail, chonaic siad slua mór ina dtimpeall, agus scríobhaithe ag argóint leo.

15. Agus an túisce a chonaic siad é, bhí an slua go léir le hiontas, agus rith siad chuige ag beannú dó.

16. D'fhiafraigh sé díobh: “Cén argóint atá agaibh leo?”

17. Agus d'fhreagair duine den slua é: “A Mháistir, thug mé chugat mo mhac a bhfuil spiorad balbh ann:

18. agus cibé uair a bheireann sé air, teilgeann sé ar lár é, agus bíonn cúr lena bhéal agus díoscán ar a fhiacla agus é stalctha righin. D'iarr mé ar do dheisceabail é a chaitheamh amach agus chuaigh sé díobh.”

19. Dúirt sé leo á bhfreagairt: “Ó a ghlúin dhíchreidmheach, cá fhad a bheidh mé faraibh? Cá fhad a bheidh mé ag cur suas libh? Tugaigí chugam é.”

20. Thug siad chuige é, agus an túisce a chonaic an spiorad é, bhain sé rachtanna as an ógánach, agus thit sé ar an talamh á únfairt féin agus cúr lena bhéal.

21. D'fhiafraigh Íosa dá athair: “Cá fhad atá sé seo air?” Dúirt seisean: “Ó bhí sé ina pháiste,

22. agus bíonn sé á chaitheamh isteach sa tine go minic agus san uisce freisin chun é a mhilleadh. Ach má fhéadann tú rud ar bith a dhéanamh bíodh trua agat dúinn agus cuidigh linn.”

23. Dúirt Íosa leis: “Má fhéadann tú! - Is féidir an uile ní don té a chreideann.”

24. Ghlaoigh athair an pháiste amach láithreach: “Creidim, tar i gcabhair ar mo dhíchreideamh.”

25. Nuair a chonaic Íosa slua ag bailiú go tapa, labhair sé go bagrach leis an spiorad míghlan agus dúirt leis: “A spioraid bhailbh bhodhair, táim á ordú duit, gabh amach as agus ná tar ann go deo arís.”

26. Scread sé amach, bhain sé rachtanna as go dolba, agus d'imigh amach as; agus bhí sé mar a bheadh duine marbh, sa chaoi go ndúirt a bhformhór: “Tá sé marbh.”

Léigh chaibidil críochnaithe Marcas 9