Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Marcas 9:1-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Agus dúirt sé leo: “Deirim libh go fírinneach, tá daoine anseo i láthair nach mblaisfidh an bás nó go mbeidh ríocht Dé feicthe acu agus í tagtha i gcumhacht.”

2. Sé lá ina dhiaidh sin, rug Íosa leis Peadar, Séamas agus Eoin, agus sheol sé suas iad sliabh ard ar leithligh. Agus tháinig claochlú air os comhair a súl,

3. agus d'éirigh a chuid éadaigh dealrach, iad gléigeal thar cuimse, nach bhfuil úcaire ar domhan a dhéanfadh chomh geal iad.

4. Agus chonacthas dóibh Maois mar aon le hÉilias agus iad ag comhrá leis.

5. Agus labhair Peadar le hÍosa: “A Mháistir,” ar sé, “is maith mar a tharla anseo sinn: déanaimis trí bothanna, ceann duit féin, ceann do Mhaois agus ceann d'Éilias” -

6. mar ní raibh a fhios aige cad ba mhaith dó a rá óir tháinig uamhan orthu.

7. Agus tháinig scamall ina scáil anuas orthu, agus an glór as an scamall: “Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi: éistigí leis!”

8. Agus go tobann, ar dhearcadh dóibh ina dtimpeall, ní fhaca siad duine ar bith níos mó ach Íosa in éineacht leo ina aonar.

9. Ar a slí anuas dóibh ón sliabh, chuir sé mar acht orthu gan a raibh feicthe acu a insint do dhuine ar bith nó go mbeadh Mac an Duine éirithe ó mhairbh.

10. Agus choinnigh siad an scéal chucu féin ach go mbídís ag fiafraí dá chéile cad ba chiall leis an éirí úd ó mhairbh.

11. Agus chuir siad ceist air: “Cén fáth a ndeir na scríobhaithe go gcaithfidh Éilias teacht ar dtús?”

12. Dúirt sé leo: “Tagann Éilias ar dtús gan amhras chun an uile ní a chur ina cheart arís. Agus conas atá sé scríofa i dtaobh Mhac an Duine nach foláir dó mórán a fhulaingt agus bheith faoi dhrochmheas?

Léigh chaibidil críochnaithe Marcas 9