Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Marcas 7:20-35 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

20. Dúirt sé: “An rud a thagann amach as an duine, sin é a dhéanann neamhghlan an duine.

21. Óir is ón taobh istigh, amach as croí na ndaoine, a thagann drochsmaointe, bearta drúise, gadaíochtaí, dúnmharuithe,

22. bearta adhaltranais, sainteanna, mallaitheachtaí, cealg, ainriantacht, formad, ithiomrá, díomas, amadántacht.

23. Is ón taobh istigh a thagann na drochnithe sin uile, agus déanann siad neamhghlan an duine.”

24. Chuir sé chun siúil as sin agus d'imigh go críocha na Tuíre agus na Síodóine. Agus ar dhul isteach i dteach dó, níorbh áil leis go mbeadh fios ag aon duine faoi, ach níorbh fhéidir leis fanacht as aithne.

25. Óir bean a raibh a hiníon bheag agus spiorad míghlan inti, chuala sí scéala air láithreach agus tháinig sí á caitheamh féin ag a chosa.

26. Bean Ghréagach í, Suíriféinicach ó dhúchas. Rinne sí achainí air an deamhan a chaitheamh amach as a hiníon.

27. Dúirt sé léi: “Fan go dtugtar a sáith do na leanaí ar dtús, mar níl sé oiriúnach arán na leanaí a thógáil agus é a chaitheamh chun na gcoileán.”

28. Ach dúirt sí leis á fhreagairt: “Cinnte, a Thiarna, agus na coileáin féin a bhíonn faoin mbord, itheann siad grabhróga na leanaí.”

29. Agus dúirt sé léi: “Mar gheall ar an bhfocal sin, imigh leat: tá an deamhan tar éis imeacht as d'iníon.”

30. Chuaigh sí abhaile agus fuair sí an leanbh ina luí sa leaba agus an deamhan imithe.

31. Ar dhul amach dó arís as críocha na Tuíre, chuaigh sé tríd an tSíodón go farraige na Gailíle trí lár chríocha Dheacapoil.

32. Agus thug siad chuige duine bodhar a raibh bascadh ar a chaint agus d'iarr siad air a lámh a chur air.

33. Thug sé i leataobh ón slua é ar leithligh agus chuir a mhéara ina chluasa, le seile as a bhéal bhain sé lena theanga,

34. agus, ag breathnú suas ar neamh dó, rinne sé osna agus dúirt leis: “Eafatá!” - focal a chiallaíonn: “Osclaítear thú.”

35. Agus osclaíodh a chluasa láithreach, agus scaoileadh an sreangán dá theanga agus labhair sé i gceart.

Léigh chaibidil críochnaithe Marcas 7