Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Marcas 6:47-56 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

47. Agus nuair a bhí sé déanach, bhí an bád amuigh ar an bhfarraige agus eisean ina aonar ar tír.

48. Ar a fheiceáil dó go raibh siad ar saothar ag na maidí rámha, mar bhí an ghaoth ina gcoinne, tháinig sé chucu, timpeall an ceathrú faire den oíche, agus é ag siúl ar an bhfarraige, agus bhí sé ar tí dul tharstu.

49. Shíl siad gur taibhse a bhí ann agus scread siad amach,

50. mar chonaic siad uile é agus bhíodar buartha. Ach labhair sé leo láithreach agus dúirt leo: “Bíodh misneach agaibh! mise atá ann, ná bíodh eagla oraibh.”

51. Tháinig sé isteach sa bhád chucu agus thit an ghaoth.

52. Agus tháinig alltacht thar na bearta orthu, mar níor thuig siad mar gheall ar na builíní, ach bhí a gcroí go dúr.

53. Ar dhul trasna dóibh, bhuail siad talamh ag Geinéasaireit agus tháinig chun leaba ancaire.

54. Agus ar theacht as an mbád dóibh, d'aithin na daoine é agus rith siad ar fud an cheantair sin ar fad,

55. agus thosaigh siad ag breith na ndaoine a bhí tinn ar a gcuid sráideog chun na háite ar chuala siad é bheith.

56. Agus cibé áit a dtéadh sé; sna bailte, sna cathracha, sna feirmeacha, chuiridís lucht tinnis ina luí sna háiteanna poiblí agus dhéanaidís achainí air go mbainfidís le scothóg a bhrait fiú amháin, agus a mbaineadh, shlánaítí iad.

Léigh chaibidil críochnaithe Marcas 6