Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Marcas 6:41-51 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

41. Thóg sé na cúig builíní agus an dá iasc, agus, ar dhearcadh suas chun na bhflaitheas dó, bheannaigh sé agus bhris na builíní agus thug do na deisceabail iad chun go gcuirfidís os a gcomhair iad, agus roinn sé an dá iasc ar chách.

42. D'ith siad uile agus bhí siad sách.

43. Agus thóg siad lán dhá chiseán déag de bhruscar agus den iasc.

44. Cúig mhíle fear an líon a d'ith na builíní.

45. Ansin chuir sé d'fhiacha ar a dheisceabail dul ar bord agus imeacht roimhe go dtí an taobh thall, go dtí Béatsáide, fad a bheadh sé féin ag scaoileadh an tslua uaidh.

46. Tar éis dó iad a chur chun siúil, d'imigh sé faoin sliabh chun guí.

47. Agus nuair a bhí sé déanach, bhí an bád amuigh ar an bhfarraige agus eisean ina aonar ar tír.

48. Ar a fheiceáil dó go raibh siad ar saothar ag na maidí rámha, mar bhí an ghaoth ina gcoinne, tháinig sé chucu, timpeall an ceathrú faire den oíche, agus é ag siúl ar an bhfarraige, agus bhí sé ar tí dul tharstu.

49. Shíl siad gur taibhse a bhí ann agus scread siad amach,

50. mar chonaic siad uile é agus bhíodar buartha. Ach labhair sé leo láithreach agus dúirt leo: “Bíodh misneach agaibh! mise atá ann, ná bíodh eagla oraibh.”

51. Tháinig sé isteach sa bhád chucu agus thit an ghaoth.

Léigh chaibidil críochnaithe Marcas 6