Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Marcas 6:35-46 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

35. Nuair a bhí an lá ag dul i ndéanaí, tháinig a dheisceabail chuige agus dúirt siad: “Áit uaigneach é seo, agus tá sé déanach feasta.

36. Scaoil uait iad go rachaidís isteach sna feirmeacha agus sna bailte mórthimpeall ag ceannach rud éigin le hithe dóibh féin.”

37. Dúirt sé leo á bhfreagairt: “Tugaigí sibhse rud le hithe dóibh.” Dúirt siad leis: “An ea go rachaimid ag ceannach luach dhá chéad déanar d'arán agus é a thabhairt dóibh le hithe?”

38. Dúirt sé leo: “Cé mhéad builín atá agaibh? Imígí agus faighigí amach.” Ar fháil amach dóibh dúirt siad: “Tá cúig cinn, agus dhá iasc.”

39. Agus d'ordaigh sé dóibh uile luí fúthu ina mbuíonta ar an bhféar glas,

40. agus lig siad fúthu ina ngasraí, ina gcéadta agus ina gcaogaidí.

41. Thóg sé na cúig builíní agus an dá iasc, agus, ar dhearcadh suas chun na bhflaitheas dó, bheannaigh sé agus bhris na builíní agus thug do na deisceabail iad chun go gcuirfidís os a gcomhair iad, agus roinn sé an dá iasc ar chách.

42. D'ith siad uile agus bhí siad sách.

43. Agus thóg siad lán dhá chiseán déag de bhruscar agus den iasc.

44. Cúig mhíle fear an líon a d'ith na builíní.

45. Ansin chuir sé d'fhiacha ar a dheisceabail dul ar bord agus imeacht roimhe go dtí an taobh thall, go dtí Béatsáide, fad a bheadh sé féin ag scaoileadh an tslua uaidh.

46. Tar éis dó iad a chur chun siúil, d'imigh sé faoin sliabh chun guí.

Léigh chaibidil críochnaithe Marcas 6