Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Marcas 6:1-4 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. D'imigh sé as an áit sin agus tháinig sé ina dhúiche féin, agus lean a chuid deisceabal é.

2. Agus ar an tsabóid thosaigh sé ag teagasc sa tsionagóg, agus ghabh iontas mórán dár chuala é; agus deiridís: “Cá bhfuair sé seo an méid sin? Agus cén eagna í seo a tugadh dó agus na míorúiltí móra seo a dhéantar trína lámha?

3. Nach é seo an saor adhmaid, mac Mhuire agus bráthair Shéamais agus Iósaef agus Iúdáis agus Shíomóin? Agus nach bhfuil a shiúracha anseo inár measc?” Agus ghlac siad scannal ann.

4. Ach dúirt Íosa leo: “Ní bhíonn fáidh faoi neamhchion ach amháin ina dhúiche féin agus i measc a ghaolta féin agus ina theaghlach féin.”

Léigh chaibidil críochnaithe Marcas 6