Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Marcas 5:38-43 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

38. Ar theacht dóibh go dtí teach cheann urra na sionagóige, chonaic sé an callán agus na daoine ag gol agus ag olagón go hard.

39. Agus ar dhul isteach dó dúirt sé leo: “Cén fáth a bhfuil sibh ag déanamh calláin agus ag gol? Ní marbh atá an leanbh ach ina codladh.”

40. Agus bhí siad ag fonóid faoi. Ach chuir sé amach iad uile, agus rug sé leis athair agus máthair an linbh agus iad seo a bhí leis, agus chuaigh isteach mar a raibh an leanbh ina luí.

41. Agus rug sé greim láimhe uirthi agus dúirt léi: “Talitá cúm” - focal a chiallaíonn: “A chailín bhig, deirim leat, éirigh!”

42. D'éirigh an cailín agus shiúil sí thart, mar bhí sí dhá bhliain déag. Agus bhí ionadh agus alltacht orthu.

43. Ach chuir sé mar acht orthu go crua gan a fhios seo a bheith ag aon duine, agus dúirt rud le hithe a thabhairt di.

Léigh chaibidil críochnaithe Marcas 5