Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Marcas 5:35-41 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

35. Le linn dó bheith ag caint tháinig daoine ó theach cheann urra na sionagóige ag rá: “Tá d'iníon tar éis bháis; cén fáth a mbeifeá ag cur as don Mháistir níos mó?”

36. Ba chlos d'Íosa an comhrá agus dúirt le ceann urra na sionagóige: “Ná bíodh eagla ort; ach amháin creid.”

37. Agus ní ligfeadh sé do dhuine ar bith dul leis ach Peadar agus Séamas agus Eoin deartháir Shéamais.

38. Ar theacht dóibh go dtí teach cheann urra na sionagóige, chonaic sé an callán agus na daoine ag gol agus ag olagón go hard.

39. Agus ar dhul isteach dó dúirt sé leo: “Cén fáth a bhfuil sibh ag déanamh calláin agus ag gol? Ní marbh atá an leanbh ach ina codladh.”

40. Agus bhí siad ag fonóid faoi. Ach chuir sé amach iad uile, agus rug sé leis athair agus máthair an linbh agus iad seo a bhí leis, agus chuaigh isteach mar a raibh an leanbh ina luí.

41. Agus rug sé greim láimhe uirthi agus dúirt léi: “Talitá cúm” - focal a chiallaíonn: “A chailín bhig, deirim leat, éirigh!”

Léigh chaibidil críochnaithe Marcas 5