Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Marcas 5:10-19 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

10. Agus bhí sé ag achainí air go crua gan iad a chur as an tír.

11. Bhí, ansiúd ar an sliabh, tréad mór muc ar féarach,

12. agus rinne siad achainí air: “Cuir ag triall ar na muca sinn, go dtéimis isteach iontu.”

13. Thug sé an cead dóibh. Tháinig na spioraid mhíghlana amach agus chuaigh siad isteach sna muca; agus chuaigh an tréad ina ruathar le fána, timpeall dhá mhíle díobh, isteach san fharraige agus bádh san fharraige iad.

14. Theith na mucaithe a bhí ina bhfeighil, agus d'inis siad an scéal sa chathair agus sna feirmeacha. Tháinig na daoine amach go bhfeicfidís cad é an rud é seo a tharla.

15. Agus tháinig siad ag triall ar Íosa agus chonaic siad an deamhnaíoch ina shuí agus a chuid éadaigh air, ina cheartmheabhair, an duine céanna a mbíodh an léigiún ann; agus bhí uamhan orthu.

16. D'inis an lucht féachana dóibh cad a tharla don deamhnaíoch, agus mar gheall ar na muca.

17. Agus thosaigh siad ag achainí ar Íosa imeacht óna gceantar.

18. Ag dul ar bord an bháid dó, rinne an fear a mbíodh an deamhan ann achainí air bheith ina chuideachta,

19. ach ní ligfeadh sé dó ach dúirt leis: “Imigh leat abhaile chun do mhuintire féin agus inis dóibh a bhfuil déanta ag an Tiarna duit agus mar a rinne sé trócaire ort.”

Léigh chaibidil críochnaithe Marcas 5