Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Marcas 2:2-15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

2. agus bhí an oiread sin daoine cruinnithe ann nach raibh slí ann fiú amháin timpeall an dorais, agus bhí sé ag labhairt an bhriathair leo.

3. Tháinig daoine ag tabhairt pairilisigh chuige ar iompar idir ceathrar.

4. Nuair nárbh fhéidir leo teacht ina ghar mar gheall ar an slua, nocht siad an díon os a chionn, agus tar éis dóibh poll a dhéanamh, lig siad síos an tsráideog a raibh an pairiliseach ina luí inti.

5. Nuair a chonaic Íosa an creideamh a bhí acu, dúirt sé leis an bpairiliseach: “A mhic, tá do pheacaí maite.”

6. Bhí cuid de na scríobhaithe ina suí ansiúd ag smaoineamh ina gcroí:

7. “Cad a bheir dó seo labhairt mar sin? Is diamhasla dó é. Cé fhéadann peacaí a mhaitheamh ach amháin Dia?”

8. Ach thuig Íosa láithreach ina spiorad go raibh an smaoineamh sin ina n‑aigne agus dúirt sé leo: “Cad a bheir na smaointe sin in bhur gcroí?

9. Cé acu is fusa, a rá leis an bpairiliseach: ‘Tá do pheacaí maite,’ nó a rá: ‘Éirigh, tóg do shráideog, agus siúil’?

10. Ach chun go mbeadh a fhios agaibh go bhfuil údarás ag Mac an Duine ar an talamh peacaí a mhaitheamh” - dúirt sé leis an bpairiliseach:

11. “Deirim leat, éirigh, tóg do shráideog agus gabh abhaile.”

12. D'éirigh seisean agus thóg an tsráideog láithreach, agus d'imigh amach os comhair cách, ionas go raibh alltacht orthu uile agus gur thug siad glóir do Dhia á rá: “Ní fhacamar a leithéid seo riamh.”

13. Chuaigh sé amach arís cois na farraige, agus bhí an slua go léir ag teacht chuige agus eisean á dteagasc.

14. Agus ag dul thar bráid dó, chonaic sé Léiví mac Alfáias ina shuí in oifig an chustaim agus dúirt leis: “Lean mise.” D'éirigh seisean agus lean sé é.

15. Agus nuair a bhí sé ag bord ina theach, bhí mórán poibleacánach agus peacach ina suí le hÍosa agus lena dheisceabail, mar bhí mórán díobh á leanúint.

Léigh chaibidil críochnaithe Marcas 2