18. Bhí troscadh á dhéanamh ag deisceabail Eoin agus ag na Fairisínigh, agus tháinig daoine á rá leis: “Cén fáth a ndéanann deisceabail Eoin agus deisceabail na bhFairisíneach troscadh, agus nach ndéanann do dheisceabailse troscadh?”
19. Dúirt Íosa leo: “An féidir le hógánaigh na bainise troscadh a dhéanamh le linn don fhear nuaphósta bheith leo? Fad a bhíonn an fear nuaphósta leo, ní féidir dóibh troscadh a dhéanamh.
20. Ach tiocfaidh na laethanta nuair a bheidh an fear nuaphósta tógtha uathu, agus ansin déanfaidh siad troscadh an lá sin.
21. Ní fhuafadh aon duine preabán d'éadach gan ramhrú ar sheanbhrat: dá ndéanfadh, bhainfeadh an paiste rud éigin as - an nua as an sean - agus ba mhiste an stróiceadh é.
22. Ná ní chuirfeadh aon duine fíon nua i seanseithí: dá gcuirfeadh, phléascfadh an fíon na seithí, agus bheadh idir fhíon agus sheithí millte. Ach fíon nua i seithí nua!”
23. Ansin, lá sabóide, nuair a bhí sé ag gabháil trí na goirt arbhair, thosaigh a dheisceabail ag stoitheadh na ndias agus iad ag siúl na slí.
24. Dúirt na Fairisínigh leis: “Féach, cén fáth a bhfuil siad ag déanamh ruda nach dleathach sa tsabóid?”
25. Dúirt sé leo: “Nár léigh sibh riamh faoin rud a rinne Dáiví nuair a bhí sé i ngá agus ocras air, é féin agus a chompánaigh:
26. mar a chuaigh sé isteach i dteach Dé, in aimsir Aibiatár an t‑ardsagart, agus d'ith builíní na fianaise nach dleathach a ithe ach do na sagairt, agus mar a thug fós dá chompánaigh iad?”