Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Marcas 16:11-20 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

11. Ach nuair a chuala siadsan go raibh sé beo, agus go raibh sé feicthe aici, níor chreid siad.

12. Ina dhiaidh sin thaispeáin sé é féin, i riocht eile, do bheirt acu agus iad ar an tslí ag gabháil amach faoin tuath.

13. Tháinig siadsan ar ais agus d'inis don chuid eile é, ach ní mó ná sin a chreid siad iadsan.

14. Níos déanaí, thaispeáin sé é féin don aonar déag agus iad ag bord, agus d'athchas sé leo a ndíchreideamh agus stuacacht a gcroí, mar nár chreid siad an mhuintir a chonaic é aiséirithe.

15. Agus dúirt sé leo: “Imígí faoin domhan uile agus fógraígí an soiscéal don chruthaíocht uile.

16. An té a chreidfidh agus a bhaistfear, slánófar é; ach an té nach gcreidfidh, daorfar é.

17. “Agus leanfaidh na comharthaí seo an dream a chreideann: caithfidh siad deamhain amach i m'ainmse, labhróidh siad i dteangacha nua;

18. tógfaidh siad nathracha ina lámha, agus má ólann siad aon deoch mharfach, ní dhéanfaidh sí díobháil dóíbh; leagfaidh siad a lámha ar easláin, agus beidh siad ar fónamh.”

19. Tar éis dó labhairt leo, dá bhrí sin, tógadh an Tiarna Íosa suas ar neamh, agus chuaigh sé chun suite ar dheasláimh Dé.

20. Ach iad siúd, d'imigh siad leo agus chraobhscaoil siad i ngach áit, agus chabhraigh an Tiarna leo ag neartú an bhriathair leis na comharthaí a lean é.

Léigh chaibidil críochnaithe Marcas 16