4. Bhí daoine ann a raibh mícheádfa acu agus dúirt siad le chéile: “Cén fáth an diomailt ola seo?
5. Ba fhéidir an ola seo a dhíol ar bhreis agus trí chéad déanar agus an t‑airgead a thabhairt do na boicht.” Agus bhí siad ag casaoid léi.
6. Ach dúirt Íosa: “Ligigí di! Cén fáth a bhfuil sibh ag déanamh cros di?
7. Óir is dea-obair í sin atá déanta aici orm; óir bíonn na boicht in bhur measc agaibh i gcónaí, agus féadann sibh maith a dhéanamh dóibh nuair is áil libh; ach nílimse le bheith agaibh i gcónaí.
8. A raibh ar a cumas, rinne sí é; chuir sí ola roimh ré ar mo chorp chun a adhlactha.
9. Deirim libh go fírinneach, cibé áit ina gcraobhscaoilfear an soiscéal seo ar fud an domhain go léir, déanfar trácht ar a ndearna sise freisin mar chuimhneamh uirthi.”
10. Agus chuaigh Iúdás Isceiriót, duine den dáréag, go dtí uachtaráin na sagart chun é a thabhairt ar láimh dóibh.
11. Nuair a d'airigh siad é bhí áthas orthu agus gheall siad airgead a thabhairt dó; agus bhí sé ag faire ar dheis chun é a thabhairt ar láimh.
12. Ar an gcéad lá d'fhéile an tSlimaráin, nuair ba ghnách leo an cháisc a íobairt, dúirt a dheisceabail leis: “Cárbh áil leat go rachaimis agus ullmhú duit chun an cháisc a ithe?”
13. Chuir sé uaidh beirt dá dheisceabail agus dúirt sé leo: “Téigí isteach sa chathair, agus buailfidh fear libh agus próca uisce aige á bhreith leis.