24. Agus dúirt sé leo: “Is í seo m'fhuilse an tiomna, atá le doirteadh ar son a lán.
25. Deirim libh go fírinneach, nach n‑ólfaidh mé den sú seo na fíniúna a thuilleadh go dtí an lá sin nuair a ólfaidh mé ina fhíon nua é i ríocht Dé.”
26. Tar éis dóibh an t‑iomann a chanadh, chuaigh siad amach go Cnoc na nOlóg.
27. Agus dúirt Íosa leo: “Glacfaidh sibh uile scannal, óir tá scríofa: ‘Buailfidh mé an t‑aoire agus scaipfear na caoirigh.’
28. Ach tar éis dom éirí, rachaidh mé romhaibh go dtí an Ghailíl.”
29. Ach dúirt Peadar leis: “Siúd is go nglacfaidh cách scannal, ní ghlacfaidh mise.”
30. Agus dúirt Íosa leis: “Deirim leat go fírinneach, sa lá seo againn, anocht féin, roimh ghlaoch don choileach faoi dhó, séanfaidh tú mé faoi thrí.”
31. Ach is mar sin is déine a labhair sé: “Más ea féin go gcaithfidh mé bás a fháil in éineacht leat, ní shéanfaidh mé thú.” Agus dúirt siad uile an rud céanna.
32. Tháinig siad go dtí áit ar a dtugtar Geitséamainí agus dúirt sé lena dheisceabail: “Fuirígí anseo fad a bheidh mé ag guí.”
33. Rug sé leis Peadar agus Séamas agus Eoin agus thosaigh sé ar bheith go critheaglach agus in anbhuain.