Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Marcas 11:23-30 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

23. Deirim libh go fírinneach, má deir aon duine leis an sliabh seo: ‘Éirigh suas agus déan tú féin a chaitheamh san fharraige’ agus gan aon amhras ina chroí, ach é a chreidiúint go mbeidh mar a deir sé, déanfar sin dó.

24. Deirim libh dá bhrí sin, an uile ní a bheidh á impí agus á iarraidh agaibh, creidigí go bhfuil sé faighte agaibh, agus gheobhaidh sibh é.

25. Agus nuair a bheidh sibh in bhur seasamh ag urnaí, má bhíonn aon ní agaibh i gcoinne aon duine, maithigí dó é, i dtreo go maithfeadh bhur nAthair sna flaithis bhur gcionta daoibhse chomh maith.

26. (Ach mura maitheann sibhse ní mó a mhaithfidh bhur nAthair sna flaithis bhur gcionta daoibhse.)”

27. Tháinig siad go Iarúsailéim arís, agus ag siúl sa Teampall d'Íosa, tháinig uachtaráin na sagart, agus na scríobhaithe, agus na seanóirí agus dúirt siad leis:

28. “Cén t‑údarás atá agat leis na nithe seo a dhéanamh, nó cé thug an t‑údarás sin duit chun na nithe seo a dhéanamh?”

29. Dúirt Íosa leo: “Tá aon cheist amháin agamsa le cur oraibh; tugaigí freagra orm agus inseoidh mé daoibh cén t‑údarás atá agam leis na nithe seo a dhéanamh:

30. baisteadh Eoin, arbh ó neamh nó ó dhaoine é? Tugaigí freagra orm.”

Léigh chaibidil críochnaithe Marcas 11