Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Marcas 11:17-25 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

17. Agus bhí sé á dteagasc agus dúirt sé leo: “Nach bhfuil sé scríofa: ‘Glaofar ar mo theachsa teach urnaithe do na ciníocha go léir’? ach rinne sibh uaimh robálaithe de.”

18. Chuala uachtaráin na sagart agus na scríobhaithe ina thaobh seo agus bhí siad ag lorg slí chun é a mharú; óir bhí eagla orthu roimhe mar bhí an slua go léir ag déanamh an-iontas dá theagasc.

19. Agus nuair a tháinig an tráthnóna d'imigh siad amach as an gcathair.

20. Ag gabháil thar bráid dóibh lá arna mhárach, chonaic siad an crann fígí seargtha óna fhréamhacha.

21. Chuimhnigh Peadar agus dúirt leis: “A Mháistir, an crann fígí ar ar chuir tú do mhallacht, féach! tá sé seargtha.”

22. Dúirt Íosa leo ag freagairt: “Bíodh creideamh agaibh i nDia.

23. Deirim libh go fírinneach, má deir aon duine leis an sliabh seo: ‘Éirigh suas agus déan tú féin a chaitheamh san fharraige’ agus gan aon amhras ina chroí, ach é a chreidiúint go mbeidh mar a deir sé, déanfar sin dó.

24. Deirim libh dá bhrí sin, an uile ní a bheidh á impí agus á iarraidh agaibh, creidigí go bhfuil sé faighte agaibh, agus gheobhaidh sibh é.

25. Agus nuair a bheidh sibh in bhur seasamh ag urnaí, má bhíonn aon ní agaibh i gcoinne aon duine, maithigí dó é, i dtreo go maithfeadh bhur nAthair sna flaithis bhur gcionta daoibhse chomh maith.

Léigh chaibidil críochnaithe Marcas 11