Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Marcas 11:14-20 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

14. Labhair sé leis an gcrann fígí: “As seo amach go brách nár ithe aon duine toradh uaitse,” ar sé. Agus chuala a dheisceabail é.

15. Tháinig siad ansin go Iarúsailéim. Ar dhul isteach sa Teampall dó, thosaigh sé ar an muintir a bhí ag díol agus ag ceannach sa Teampall a thiomáint amach; leag sé ar lár na cláir ar lucht airgead a mhalartú agus na suíocháin ar lucht colmáin a dhíol;

16. ná ní cheadódh sé d'aon duine árthach a bhreith leis tríd an Teampall.

17. Agus bhí sé á dteagasc agus dúirt sé leo: “Nach bhfuil sé scríofa: ‘Glaofar ar mo theachsa teach urnaithe do na ciníocha go léir’? ach rinne sibh uaimh robálaithe de.”

18. Chuala uachtaráin na sagart agus na scríobhaithe ina thaobh seo agus bhí siad ag lorg slí chun é a mharú; óir bhí eagla orthu roimhe mar bhí an slua go léir ag déanamh an-iontas dá theagasc.

19. Agus nuair a tháinig an tráthnóna d'imigh siad amach as an gcathair.

20. Ag gabháil thar bráid dóibh lá arna mhárach, chonaic siad an crann fígí seargtha óna fhréamhacha.

Léigh chaibidil críochnaithe Marcas 11