Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Marcas 1:35-45 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

35. D'éirigh sé ina shuí ar maidin tamall maith roimh lá, ghabh sé amach agus d'imigh go dtí áit uaigneach agus bhí sé ansiúd ag guí.

36. Chuaigh Síomón agus a chompánaigh ar a lorg,

37. agus nuair a fuair siad é dúirt siad leis: “Tá cách do do chuardach.”

38. Dúirt sé leo: “Téanam go dtí áit éigin eile, isteach sna bailte móra atá ar cóngar, chun go mbeinn ag seanmóir iontu sin freisin, mar is chuige sin a ghabh mé amach.”

39. Agus tháinig sé ag seanmóir ina gcuid sionagóg ar fud na Gailíle go léir agus ag caitheamh na ndeamhan amach.

40. Tháinig lobhar chuige ag achainí air agus é ar a dhá ghlúin: “Más áil leat é,” ar seisean, “is féidir duit mé a ghlanadh.”

41. Ghlac Íosa trua dó, shín amach a lámh agus bhain leis: “Is áil,” ar seisean leis, “glantar thú!”

42. D'fhág an lobhra é láithreach agus glanadh é.

43. Labhair Íosa go corraiceach leis agus chuir chun siúil é gan mhoill

44. ag rá leis: “Ná habair focal le haon duine, féach, ach imigh leat agus taispeáin don sagart thú féin agus déan, de chionn do ghlanta, an ofráil a d'ordaigh Maois mar fhianaise dóibh.”

45. Ní túisce a d'fhág an duine an láthair, áfach, ná bhí guth ard aige ag leathadh an scéil, ionas nach bhféadfadh Íosa dul isteach go hoscailte i gcathair feasta, ach fanacht lasmuigh sna háiteanna uaigneacha agus bhítí ag triall air as gach aird.

Léigh chaibidil críochnaithe Marcas 1