Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Marcas 1:23-39 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

23. Bhí, san am sin, duine sa tsionagóg a raibh smacht ag spiorad míghlan air, agus scread sé amach:

24. “Há, cad ab áil leat dínn, a Íosa Nazairéanaigh? Chun ár millte a tháinig tú. Is eol dom cé hé thú: Naomh Dé.”

25. Labhair Íosa leis go bagrach: “Bí i do thost, agus gabh amach as.”

26. Bhain an spiorad míghlan rachtaí as an duine, ghlaoigh amach go hard agus d'imigh as.

27. Agus bhí alltacht chomh mór sin ar chách go raibh siad ag fiafraí dá chéile: “Cad é an rud é seo?” deiridís: “teagasc nua á dhéanamh le húdarás; na spioraid mhíghlana féin, fógraíonn sé orthu agus déanann siad rud air.”

28. Agus níorbh fhada gur leath a chlú go fada gearr ar fud cheantar uile na Gailíle.

29. Ar dhul amach as an tsionagóg dó, chuaigh sé isteach gan mhoill i dteach Shíomóin agus Aindrias, in éineacht le Séamas agus Eoin.

30. Bhí máthair chéile Shíomóin ina luí agus an fiabhras uirthi, agus ní dhearna siad aon mhoill gan labhairt leis mar gheall uirthi.

31. Chuaigh sé anonn chuici, rug ar láimh uirthi agus thóg suas í. D'fhág an fiabhras í agus thosaigh sí ag freastal orthu.

32. Nuair a bhí an tráthnóna ann, tar éis luí gréine, thug siad chuige cách a bhí tinn agus na daoine a raibh deamhain iontu.

33. Bhí an chathair ar fad cruinnithe timpeall an dorais,

34. agus leigheas sé mórán a bhí tinn ó gach sórt galair, agus chaith sé amach mórán deamhan, agus ní ligeadh sé do na deamhain labhairt, mar bhí a fhios acu cérbh é.

35. D'éirigh sé ina shuí ar maidin tamall maith roimh lá, ghabh sé amach agus d'imigh go dtí áit uaigneach agus bhí sé ansiúd ag guí.

36. Chuaigh Síomón agus a chompánaigh ar a lorg,

37. agus nuair a fuair siad é dúirt siad leis: “Tá cách do do chuardach.”

38. Dúirt sé leo: “Téanam go dtí áit éigin eile, isteach sna bailte móra atá ar cóngar, chun go mbeinn ag seanmóir iontu sin freisin, mar is chuige sin a ghabh mé amach.”

39. Agus tháinig sé ag seanmóir ina gcuid sionagóg ar fud na Gailíle go léir agus ag caitheamh na ndeamhan amach.

Léigh chaibidil críochnaithe Marcas 1