Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Marcas 1:16-26 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

16. Bhí sé ag imeacht leis cois farraige na Gailíle nuair a chonaic sé Síomón agus Aindrias deartháir Shíomóin agus iad ag caitheamh eangaí san fharraige, mar iascairí a bhí iontu.

17. Dúirt Íosa leo: “Tagaigí i mo dhiaidh, agus déanfaidh mé díbh iascairí ar dhaoine.”

18. D'fhág siad na líonta láithreach agus lean siad é.

19. Bhuail sé ar aghaidh beagán eile agus chonaic sé Séamas mac Zeibidé agus Eoin a dheartháir, iad ina mbád féin ag ceartú na líonta, agus ghlaoigh sé iad láithreach.

20. D'fhág siad a n‑athair Zeibidé sa bhád, é féin agus an lucht pá, agus ghabh siad leis.

21. Chuaigh siad isteach i gCafarnáum. Agus lá na sabóide féin, ar dhul isteach sa tsionagóg dó, thosaigh sé ag teagasc.

22. Agus bhí ionadh orthu faoina theagasc; á dteagasc a bhí sé mar dhuine a mbeadh údarás aige, níorbh ionann agus na scríobhaithe.

23. Bhí, san am sin, duine sa tsionagóg a raibh smacht ag spiorad míghlan air, agus scread sé amach:

24. “Há, cad ab áil leat dínn, a Íosa Nazairéanaigh? Chun ár millte a tháinig tú. Is eol dom cé hé thú: Naomh Dé.”

25. Labhair Íosa leis go bagrach: “Bí i do thost, agus gabh amach as.”

26. Bhain an spiorad míghlan rachtaí as an duine, ghlaoigh amach go hard agus d'imigh as.

Léigh chaibidil críochnaithe Marcas 1