Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lúcás 9:13-27 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

13. Ach dúirt sé leo: “Tugaigí sibhse rud le hithe dóibh.” Dúirt siad: “Níl againn ach cúig builíní agus dhá iasc, ach mura dtéimid féin ag ceannach bia don chomhthionól seo uile” -

14. óir bhí timpeall cúig mhíle fear ann. Dúirt sé lena dheisceabail: “Cuirigí ina luí fúthu ina mbuíonta iad, timpeall caoga sa bhuíon.”

15. Rinne siad amhlaidh: iad uile a chur ina luí fúthu.

16. Thóg sé na cúig builíní agus an dá iasc, agus, ar dhearcadh suas chun na bhflaitheas dó, bheannaigh iad agus bhris agus thug do na deisceabail iad le cur os comhair an tslua.

17. D'ith siad uile agus bhí siad sách, agus tógadh suas an fuílleach: dhá chiseán déag de bhruscar.

18. Aon lá amháin agus é i leataobh ag guí agus na deisceabail in éineacht leis, d'fhiafraigh sé díobh: “Cé hé a deir na sluaite mise?”

19. Dúirt siad á fhreagairt: “Eoin Baiste; ach cuid eile acu Éilias, cuid eile gur fáidh éigin de na sinsir atá aiséirithe.”

20. Dúirt sé leo: “Ach cé hé a deir sibhse mé?” Agus dúirt Peadar á fhreagairt: “Críost Dé.”

21. Ach d'ordaigh sé dóibh go géar gan é seo a rá le haon duine,

22. agus dúirt: “Ní foláir do Mhac an Duine mórán a fhulaingt, agus an diúltú a fháil ó na seanóirí agus ó uachtaráin na sagart agus ó na scríobhaithe, agus a chur chun báis, agus éirí an treas lá.”

23. Dúirt sé le cách: “Más áil le haon duine bheith ar mo bhuíon, séanadh sé é féin, tógadh suas a chros gach lá, agus leanadh mé.

24. Óir cibé arb áil leis a anam a shaoradh, caillfidh sé é; ach cibé a chaillfidh a anam mar gheall ormsa, saorfaidh an duine sin é.

25. Óir cá fearrde do dhuine an domhan go léir a ghnóthú agus é féin a chailleadh agus a ligean ar ceal?

26. Óir cibé ar nár leis mise agus mo bhriathra, is nár le Mac an Duine eisean nuair a thiocfaidh sé ina ghlóir féin agus i nglóir an Athar agus na n‑aingeal naofa.

27. Ach deirim libh go dearfa, tá cuid dá bhfuil anseo i láthair nach mblaisfidh an bás nó go mbeidh ríocht Dé feicthe acu.”

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 9