Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lúcás 8:49-56 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

49. Le linn dó bheith ag caint, tháinig duine ó theach cheann urra na sionagóige ag rá: “Tá d'iníon tar éis bháis: ná cuir as don Mháistir a thuilleadh.”

50. Chuala Íosa é, agus labhair leis: “Ná bíodh eagla ort; ach amháin creid, agus beidh sí slán.”

51. Ar theacht dó chun an tí, níor lig sé d'aon duine dul isteach leis ach Peadar agus Eoin agus Séamas, agus athair agus máthair an chailín.

52. Agus bhí cách ag gol agus ag mairgneach os a cionn. Ach dúirt sé: “Ná bígí ag gol, óir ní marbh atá sí ach ina codladh.”

53. Agus bhí siad ag fonóid faoi, agus a fhios acu gur marbh a bhí sí.

54. Ach rug sé ar láimh uirthi agus ghlaoigh amach: “A chailín, éirigh!”

55. Agus tháinig an spiorad ar ais inti, agus d'éirigh sí láithreach; agus d'ordaigh sé rud le hithe a thabhairt di.

56. Agus tháinig alltacht ar a tuismitheoirí; ach thug sé ordú dóibh gan a insint d'aon duine cad a tharla.

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 8