Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lúcás 8:37-52 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

37. Agus an pobal uile i gceantar na nGeirgiseánach, d'iarr siad air imeacht uathu, óir bhí siad gafa ag uamhan mór. Agus ar dhul ar bord dó, d'imigh sé ar ais.

38. An fear, áfach, a raibh na deamhain imithe as, bhí sé á iarraidh air é ligean ina chuideachta. Ach scaoil sé uaidh é, ag rá:

39. “Imigh ar ais abhaile agus aithris a bhfuil déanta ag Dia duit.” Agus d'imigh sé ar fud na cathrach go léir ag fógairt a raibh déanta ag Íosa dó.

40. Nuair a bhí Íosa tagtha ar ais, bhí fáilte ag an slua roimhe, óir bhí siad uile ag súil leis.

41. Agus tháinig fear darb ainm Iáras, a bhí ina cheann urra ar an tsionagóg, agus chaith é féin síos ag cosa Íosa, á achainí air teacht chun a thí;

42. óir bhí aon iníon amháin aige timpeall dhá bhliain déag, agus bhí sí ag fáil bháis. Agus ag dul ann dó, bhí na sluaite ag plúchadh air.

43. Agus bean a raibh rith fola uirthi le dhá bhliain déag, agus a bhí tar éis a maoin shaolta uile a chaitheamh le lianna, ach nárbh fhéidir le haon duine í leigheas,

44. tháinig sí taobh thiar de agus bhain le scothóg a bhrait; agus scoir an rith fola aici láithreach.

45. Ach dúirt Íosa: “Cé bhain liom?” Agus nuair a shéan cách é, dúirt Peadar: “A Mháistir, tá na sluaite timpeall ort agus tá siad ag brú ort.”

46. Ach dúirt Íosa: “Bhain duine éigin liom, óir airím go ndeachaigh brí amach uaim.”

47. Nuair a chonaic an bhean gur tugadh faoi deara í, tháinig sí go creathánach agus chaith í féin síos roimhe, agus d'inis i láthair chách an fáth ar bhain sí leis agus mar a leigheasadh í láithreach.

48. Dúirt sé léi: “A iníon, shlánaigh do chreideamh thú. Imigh faoi shíocháin.”

49. Le linn dó bheith ag caint, tháinig duine ó theach cheann urra na sionagóige ag rá: “Tá d'iníon tar éis bháis: ná cuir as don Mháistir a thuilleadh.”

50. Chuala Íosa é, agus labhair leis: “Ná bíodh eagla ort; ach amháin creid, agus beidh sí slán.”

51. Ar theacht dó chun an tí, níor lig sé d'aon duine dul isteach leis ach Peadar agus Eoin agus Séamas, agus athair agus máthair an chailín.

52. Agus bhí cách ag gol agus ag mairgneach os a cionn. Ach dúirt sé: “Ná bígí ag gol, óir ní marbh atá sí ach ina codladh.”

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 8