Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lúcás 8:25-40 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

25. Agus dúirt sé leo: “Cá bhfuil bhur gcreideamh?” Ach bhí uamhan orthu agus rinne siad ionadh de, á rá eatarthu féin: “Cé hé an duine seo, más ea, a rá go bhfógraíonn sé ar na gaotha féin agus ar an uisce, agus go ndéanann siad rud air?”

26. Bhuail siad talamh i dtír na nGeirgiseánach, ón nGailíl anonn.

27. Nuair a bhí sé ag teacht i dtír, tháinig faoina dhéin duine ón gcathair a raibh deamhain ann, agus bhí sé seal mór aimsire gan aon éadach á chur air ná cónaí in aon teach ach sna tuamaí.

28. Agus ar fheiceáil Íosa dó, scread sé amach agus chaith é féin síos roimhe agus dúirt de ghlór ard: “Cad ab áil leat díom, a Íosa, a Mhic Dé ró-aird? Iarraim ort, ná déan mé a chrá.”

29. Óir bhí Íosa á ordú don spiorad míghlan dul amach as an duine. Óir is iomaí uair roimhe sin a rug sé go foréigneach air; agus cheanglaítí ina bhrá é le slabhraí agus le geimhle, ach bhriseadh sé na géibhinn agus bhíodh sé á thiomáint ag an deamhan faoi na fásaigh.

30. D'fhiafraigh Íosa de: “Cad é an t‑ainm atá ort?” Dúirt sé: “Léigiún” - óir bhí mórán deamhan imithe isteach ann.

31. Agus bhíodar ag achainí air gan a fhógairt dóibh imeacht leo sa duibheagán.

32. Bhí, ansiúd, tréad mór muc ar féarach ar an sliabh, agus rinne na deamhain achainí air cead a thabhairt dóibh dul isteach iontu, agus thug.

33. Tháinig na deamhain amach as an duine agus chuaigh isteach sna muca. Agus chuaigh an tréad ina ruathar le fána isteach sa loch agus bádh iad.

34. Nuair a chonaic na mucaithe an ní a tharla, theith siad, agus d'inis sa chathair é agus sna feirmeacha.

35. Tháinig na daoine amach go bhfeicfidís an ní a tharla, agus ar theacht dóibh chun na háite ina raibh Íosa, fuair siad an fear a raibh na deamhain imithe as ina shuí agus a chuid éadaigh air, ina cheartmheabhair, ag cosa Íosa; agus bhí uamhan orthu.

36. D'inis an lucht féachana dóibh conas a slánaíodh é siúd ina mbíodh na deamhain.

37. Agus an pobal uile i gceantar na nGeirgiseánach, d'iarr siad air imeacht uathu, óir bhí siad gafa ag uamhan mór. Agus ar dhul ar bord dó, d'imigh sé ar ais.

38. An fear, áfach, a raibh na deamhain imithe as, bhí sé á iarraidh air é ligean ina chuideachta. Ach scaoil sé uaidh é, ag rá:

39. “Imigh ar ais abhaile agus aithris a bhfuil déanta ag Dia duit.” Agus d'imigh sé ar fud na cathrach go léir ag fógairt a raibh déanta ag Íosa dó.

40. Nuair a bhí Íosa tagtha ar ais, bhí fáilte ag an slua roimhe, óir bhí siad uile ag súil leis.

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 8