Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lúcás 8:17-28 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

17. Óir níl aon ní faoi cheilt nach mbeidh soiléir; ná níl aon ní ina rún nach mbeidh fios air agus nach dtiocfaidh chun solais.

18. Bígí aireach, dá bhrí sin, conas a chluineann sibh; óir an té a mbíonn aige, tabharfar dó, agus an té nach mbíonn aige, bainfear de fiú an ní a shíleann sé a bheith aige.”

19. Tháinig a mháthair agus a bhráithre ag triall air, ach níorbh fhéidir dóibh teagmháil leis mar gheall ar an slua.

20. Insíodh dó: “Tá do mháthair agus do bhráithre ina seasamh amuigh agus b'áil leo thú a fheiceáil.”

21. D'fhreagair sé agus dúirt: “Is iad mo mháthair agus mo bhráithre, iad seo a chluineann briathar Dé agus a dhéanann dá réir.”

22. Tharla aon lá amháin go ndeachaigh sé ar bord báid, é féin agus a dheisceabail, agus dúirt sé leo: “Téimis trasna an locha anonn.” Agus chuir siad chun farraige.

23. Agus ag seoladh dóibh, thit seisean ina chodladh. Agus tháinig cuaifeach gaoithe anuas ar an loch; agus bhí ag líonadh orthu agus bhí siad i mbaol.

24. Agus tháinig siad chuige á mhúscailt, ag rá: “A Mháistir, a Mháistir, tá an bás againn!” Agus ar dhúiseacht dó, bhagair sé ar an ngaoth agus ar an uisce suaite; agus chiúnaigh orthu agus bhí ina théigle.

25. Agus dúirt sé leo: “Cá bhfuil bhur gcreideamh?” Ach bhí uamhan orthu agus rinne siad ionadh de, á rá eatarthu féin: “Cé hé an duine seo, más ea, a rá go bhfógraíonn sé ar na gaotha féin agus ar an uisce, agus go ndéanann siad rud air?”

26. Bhuail siad talamh i dtír na nGeirgiseánach, ón nGailíl anonn.

27. Nuair a bhí sé ag teacht i dtír, tháinig faoina dhéin duine ón gcathair a raibh deamhain ann, agus bhí sé seal mór aimsire gan aon éadach á chur air ná cónaí in aon teach ach sna tuamaí.

28. Agus ar fheiceáil Íosa dó, scread sé amach agus chaith é féin síos roimhe agus dúirt de ghlór ard: “Cad ab áil leat díom, a Íosa, a Mhic Dé ró-aird? Iarraim ort, ná déan mé a chrá.”

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 8