Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lúcás 8:1-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Tharla ina dhiaidh sin gur thaistil sé cathracha agus bailte ag seanmóir agus ag fógairt dea-scéal ríocht Dé, agus an dáréag á thionlacan

2. chomh maith le mná áirithe a bhí leigheasta ó dhrochspioraid agus ó éagruais: Máire ar a nglaotar an Mhaigdiléanach - a raibh seacht ndeamhain imithe aisti -

3. agus Ióanna bean Chúsa, maor Héaróid, agus Súsanna, agus mórán nárbh iad, a bhíodh ag freastal orthu as a maoin.

4. Nuair a bhí slua mór tagtha le chéile, agus daoine ag triall air as gach cathair, labhair sé i bhfoirm parabail:

5. “Chuaigh an síoladóir amach ag cur a shíl. Agus sa síolchur dó, thit cuid de le hais an bhóthair agus gabhadh de chosa ann, agus d'ith éanlaith an aeir é.

6. Agus thit tuilleadh de ar an gcarraig, agus, ar theacht aníos dó, d'fheoigh, de bhrí nach raibh úrmhaire aige.

7. Thit tuilleadh de i lár an deilgnigh, agus tháinig an deilgneach aníos in éineacht leis agus phlúch é.

8. Agus thit tuilleadh de ar an talamh maith, agus ar theacht aníos dó, thug toradh uaidh faoi chéad.” Á rá sin dó, ghlaoigh sé amach: “An té a bhfuil cluasa air chun éisteachta, éisteadh sé!”

9. Ach d'fhiafraigh a dheisceabail de cad ba chiall leis an bparabal sin.

10. Dúirt sé: “Tá sé tugtha daoibhse eolas a bheith agaibh ar rúndiamhra ríocht Dé, ach do chách eile i bparabail, chun go‘mbreathnoidís ach nach bhfeicfidís,agus go mbeidís ag éisteacht ach nach dtuigfidís.’

11. “Is í seo ciall an pharabail: Is é briathar Dé an síol.

12. Iad siúd le hais an bhóthair, sin iad na daoine a chuala, ansin tagann an diabhal agus tógann an briathar as a gcroí, le heagla go gcreidfidís agus go slánofaí iad,

13. Iad siúd ar an gcarraig, sin iad na daoine a ghlacann an briathar le háthas nuair a chluineann siad é; ach ní bhíonn fréamh acu; creideann siad ar feadh tamaill, ach in am na trialach meathann siad.

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 8