Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lúcás 7:34-43 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

34. Tá Mac an Duine tagtha ag ithe agus ag ól, agus deir sibh: ‘Féach, fear craois agus póite, cara do phoibleacánaigh agus do pheacaigh.’

35. Ach fuair an eagna a ceart óna clann féin uile.”

36. Thug duine de na Fairisínigh cuireadh dó chun proinne aige féin; agus ar dhul isteach dó i dteach an Fhairisínigh, chuaigh ina luí ag bord.

37. Agus peacach mná a bhí sa chathair, nuair a fuair sí scéala é bheith ag bord i dteach an Fhairisínigh, thug sí léi próicín alabastair d'ola chumhra,

38. agus ar bheith di ar gcúl ag a chosa agus í ag gol, thosaigh ag fliuchadh a chos lena deora, agus bhí á dtriomú le folt a cinn, agus í ag pógadh a chos agus á n‑ungadh leis an ola chumhra.

39. An Fairisíneach a thug an cuireadh dó, ar a fheiceáil sin dó, dúirt ina aigne: “Dá mba fáidh an duine seo, bheadh a fhios aige cé hí, agus cén sort í, an bhean seo atá ag baint leis, gur peacach í.”

40. Dúirt Íosa leis á fhreagairt: “A Shíomóin, tá rud agam le rá leat.” “A Mháistir,” ar seisean, “abair.”

41. Dúirt: “Bhí beirt i bhfiacha ag éilitheoir áirithe: bhí cúig céad déanar amuigh ar dhuine acu, agus caoga ar an duine eile.

42. Nuair nach raibh an t‑íoc acu, mhaith sé dóibh araon. Cé acu, mar sin, is mó grá dó?”

43. D'fhreagair Síomón agus dúirt: “An té, mo bharúil, is mó dár mhaith.” Dúirt sé leis: “Thug tú an bhreith cheart.”

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 7