Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lúcás 7:27-39 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

27. Is é seo an té a bhfuil scríofa mar gheall air:‘Féach, cuirim mo theachtaire romhata réiteoidh do bhóthar faoi do chomhair.’

28. “Óir deirim libh, níl, de shliocht ban, duine is mó ná Eoin. Ach an té is lú i ríocht Dé, is mó é ná eisean.

29. Agus an pobal uile a chuala é, agus na poibleacánaigh féin, is le Dia a thaobhaigh siad nuair a baisteadh iad le baiste Eoin.

30. Na Fairisínigh, áfach, agus na dlíodóirí, nuair nár ghlac siad baisteadh uaidh, chuir siad ar neamhní an rud ab intinn le Dia dóibh.

31. Uime sin, cad leis a gcuirfidh mé lucht na glúine seo i gcomparáid? Cad leis ar cosúil iad?

32. Tá siad cosúil leis na leanaí seo a bhíonn ina suí in áit an mhargaidh ag glaoch chun a chéile agus a deir:‘Rinneamar píobaireacht daoibh,ach ní dhearna sibh rince;rinneamar caoineadh,ach ní dhearna sibh gol.’

33. “Óir tá Eoin Baiste tagtha, gan é bheith ag ithe aráin ná ag ól fíona, agus deir sibh: ‘Tá deamhan ann!’

34. Tá Mac an Duine tagtha ag ithe agus ag ól, agus deir sibh: ‘Féach, fear craois agus póite, cara do phoibleacánaigh agus do pheacaigh.’

35. Ach fuair an eagna a ceart óna clann féin uile.”

36. Thug duine de na Fairisínigh cuireadh dó chun proinne aige féin; agus ar dhul isteach dó i dteach an Fhairisínigh, chuaigh ina luí ag bord.

37. Agus peacach mná a bhí sa chathair, nuair a fuair sí scéala é bheith ag bord i dteach an Fhairisínigh, thug sí léi próicín alabastair d'ola chumhra,

38. agus ar bheith di ar gcúl ag a chosa agus í ag gol, thosaigh ag fliuchadh a chos lena deora, agus bhí á dtriomú le folt a cinn, agus í ag pógadh a chos agus á n‑ungadh leis an ola chumhra.

39. An Fairisíneach a thug an cuireadh dó, ar a fheiceáil sin dó, dúirt ina aigne: “Dá mba fáidh an duine seo, bheadh a fhios aige cé hí, agus cén sort í, an bhean seo atá ag baint leis, gur peacach í.”

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 7