Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lúcás 7:1-15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Nuair a bhí a bhriathra uile críochnaithe aige i gcomhchlos don phobal, chuaigh sé isteach i gCafarnáum.

2. Bhí taoiseach céad a raibh seirbhíseach leis tinn agus le hucht báis, agus b'ionúin leis é.

3. Nuair a chuala sé trácht ar Íosa, chuir sé chuige seanóirí de na Giúdaigh á iarraidh air teacht agus a sheirbhíseach a shlanú.

4. Ar theacht i láthair Íosa dóibh sin, bhí siad ag achainí air go díocasach, á rá: “Is maith an díol air go dtabharfá an aisce seo dó;

5. óir tá grá aige dár náisiún agus is é a thóg an tsionagóg dúinn.”

6. Agus d'imigh Íosa leo. Ní raibh sé i bhfad ón teach nuair a chuir an taoiseach céad cairde chuige á rá leis: “A Thiarna, ná cuir as duit féin, óir ní fiú mé go dtiocfá isteach faoi dhíon mo thí:

7. sin é an fáth nár mheas mé gurbh fhiú mé dul chugat; ach abair an focal agus bíodh mo ghiolla leigheasta.

8. Óir is duine mé féin atá i mo ghearroifigeach de réir ranga, agus tá saighdiúirí agam fúm, agus deirim leis seo: ‘Imigh!’ agus imíonn, agus leis seo eile: ‘Tar!’ agus tagann, agus le mo sheirbhíseach: ‘Déan seo!’ agus déanann.”

9. Nuair a chuala Íosa an méid sin, rinne sé ionadh den duine, agus, ag iompú chun an tslua a bhí á leanuint, dúirt: “Deirim libh, ní bhfuair mé in Iosrael féin creideamh chomh láidir leis seo.”

10. Agus ar dhul ar ais chun an tí dóibh, fuair na teachtairí an seirbhíseach slán.

11. Tharla ina dhiaidh sin go ndeachaigh sé isteach i gcathair ar a nglaotar Náín, agus bhí a dheisceabail agus slua mór á thionlacan.

12. Agus nuair a bhí sé i ngar do gheata na cathrach, bhí marbh á thabhairt amach le cur, aonmhac a mháthar, agus ise ina baintreach, agus sochraid mhór de mhuintir na cathrach léi.

13. Agus nuair a chonaic an Tiarna í, ghlac sé trua di agus dúirt léi: “Ná bí ag gol.”

14. Agus chuaigh sé anonn agus bhain leis an gcróchar, agus stad an lucht iompair. Agus dúirt sé: “A fhir óig, deirim leat, éirigh!”

15. Agus d'éirigh an marbh aniar, agus thosaigh ag caint, agus thug sé dá mháthair é.

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 7