Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lúcás 6:39-46 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

39. Agus dúirt sé parabal leo: “An féidir do dhall bheith ina ghiolla i gcionn daill? Nach dtitfidh siad araon sa díg?

40. Níl an deisceabal os cionn an mháistir; ach nuair a bhíonn deireadh foghlamtha aige beidh gach deisceabal mar atá a mháistir.

41. Cad chuige a bhfeiceann tú an cáithnín i súil do bhráthar agus nach n‑airíonn tú an tsail atá i do shúil féin?

42. Conas is féidir duit a rá le do bhráthair: ‘A bhráthair, fan go mbaine mé as do shúil an cáithnín atá inti,’ agus nach bhfeiceann tú an tsail atá i do shúil féin? A bhréagchráifigh, bain ar dtús an tsail as do shúil féin, agus ansin is fearrde a fheicfidh tú an cáithnín atá i súil do bhráthar a bhaint aisti.

43. Óir níl crann maith a thugann drochthoradh, ná fós drochchrann a thugann toradh fónta.

44. Óir is ar a thoradh féin a aithnítear gach crann. Óir ní bhaintear fígí de dheilgneach, ná ní phioctar fíonchaor de dhriseog.

45. Tógann an dea-dhuine an dea-rud amach as dea-stór a chroí, agus tógann an drochdhuine an drochrud amach as a dhrochstór. Óir is as iomarca a chroí a labhraíonn a bhéal.

46. Ach cad chuige a nglaonn sibh orm ‘A Thiarna, a Thiarna,’ agus nach ndéanann sibh a ndeirim?

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 6