Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lúcás 6:3-15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. Agus d'fhreagair Íosa iad á rá: “An ea nár léigh sibh faoin rud úd a rinne Dáiví nuair a bhí ocras air féin agus ar a chompánaigh -

4. mar a chuaigh sé isteach i dteach Dé agus thóg builíní na fianaise agus d'ith, agus thug dá chompánaigh iad, siúd is nach dleathach iad a ithe ach do na sagairt amháin?”

5. Agus dúirt sé leo: “Tá Mac an Duine ina mháistir ar an tsabóid féin.”

6. Ansin, lá sabóide eile, chuaigh sé isteach sa tsionagóg agus thosaigh ag teagasc. Bhí fear ann a raibh a lámh dheas seargtha.

7. Bhí na scríobhaithe agus na Fairisínigh ag faire go géar air féachaint an ndéanfadh sé leigheas lá na sabóide, chun go bhfaighidís cion le cur ina leith.

8. Ach bhí fios a smaointe aige agus dúirt le fear na láimhe seargtha: “Éirigh i do sheasamh os comhair chách.” D'éirigh sé ina sheasamh.

9. Dúirt Íosa leo: “Fiafraím díbh, cé acu is dleathach a dhéanamh lá sabóide, an mhaith nó an t‑olc, anam a shaoradh nó a mhilleadh?”

10. Agus ar dhearcadh timpeall orthu uile, dúirt sé leis: “Sín amach do lámh.” Shín, agus bhí a lámh slán arís.

11. Agus líon siad siúd de bhuile, agus bhí siad ag beartú le chéile cad a d'fhéadfaidís a dhéanamh le hÍosa.

12. Tharla sna laethanta sin go ndeachaigh sé amach faoin sliabh chun guí, agus thug an oíche go léir ag guí Dé.

13. Agus nuair a bhí ina lá, ghoir sé chuige a dheisceabail, agus thogh dáréag astu agus thug mar ainm orthu, aspail:

14. Síomón, ar ar thug sé Peadar, agus Aindrias a dheartháir, Séamas agus Eoin, Pilib agus Parthalán,

15. Matha agus Tomás, Séamas mac Alfáias, agus Síomón ar a nglaotar an díograiseach,

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 6