Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lúcás 6:27-42 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

27. “Ach deirim libhse atá ag éisteacht liom: bíodh grá agaibh do bhur naimhde, déanaigí an mhaith dóibh seo a thugann fuath daoibh,

28. beannaígí iad seo a thugann mallacht daoibh, guígí orthu seo a dhéanann olc oraibh.

29. An té a bhuaileann ar an leiceann tú, tabhair an leiceann eile leis chomh maith; agus an té a thógann uait do bhrat, ná coinnigh uaidh do chóta.

30. Gach aon duine a iarrann aisce ort, tabhair dó í, agus an té a bhaineann díot do chuid, ná hiarr ar ais uaidh é.

31. Dé réir mar ab áil libh daoine a dhéanamh daoibh, déanaigí dóibh sin mar an gcéanna.

32. Má thugann sibh grá dóibh seo a thugann grá daoibh, cad é an buíochas atá oraibh? Óir tugann na peacaigh féin grá dóibh seo a thugann grá dóibh.

33. Agus má dhéanann sibh an mhaith dóibh seo a dhéanann an mhaith daoibh, cad é an buíochas atá oraibh? Déanann na peacaigh féin an rud céanna.

34. Agus má thugann sibh iasacht dóibh seo gur dóigh mhaith agaibh iad, cad é an buíochas atá oraibh? Fiú amháin peacaigh, tugann siad iasacht do pheacaigh chun go bhfaighidís an oiread céanna ar ais.

35. Ach bíodh grá agaibh do bhur naimhde, déanaigí an mhaith agus tugaigí iasacht gan súil le cúiteamh ar bith, agus is mór é bhur dtuarastal, agus beidh sibh in bhur gclann don Té is Airde, óir bíonn seisean lách le daoine díomaíocha agus le drochdhaoine.

36. Bígí sibhse atruach amhail mar atá bhur nAthair atruach.

37. Ná tugaigí breith agus ní thabharfar breith oraibh. Ná daoraigí agus ní dhaorfar sibh. Maithigí agus maithfear daoibh.

38. Tugaigí agus tabharfar daoibh: tomhas maith, fuinte, craite, cruachta a chuirfear chugaibh in bhur n‑ucht; óir is leis an tomhas lena dtomhaiseann sibh a thomhaisfear chugaibh ar ais.”

39. Agus dúirt sé parabal leo: “An féidir do dhall bheith ina ghiolla i gcionn daill? Nach dtitfidh siad araon sa díg?

40. Níl an deisceabal os cionn an mháistir; ach nuair a bhíonn deireadh foghlamtha aige beidh gach deisceabal mar atá a mháistir.

41. Cad chuige a bhfeiceann tú an cáithnín i súil do bhráthar agus nach n‑airíonn tú an tsail atá i do shúil féin?

42. Conas is féidir duit a rá le do bhráthair: ‘A bhráthair, fan go mbaine mé as do shúil an cáithnín atá inti,’ agus nach bhfeiceann tú an tsail atá i do shúil féin? A bhréagchráifigh, bain ar dtús an tsail as do shúil féin, agus ansin is fearrde a fheicfidh tú an cáithnín atá i súil do bhráthar a bhaint aisti.

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 6