Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lúcás 5:27-37 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

27. Ina dhiaidh sin chuaigh sé amach agus thug faoi deara poibleacánach darb ainm Léiví, ina shuí i dteach an chustaim, agus dúirt leis: “Lean mise.”

28. D'fhág sé gach aon ní, d'éirigh agus lean é.

29. Agus rinne Léiví fleá mhór dó ina theach, agus bhí cuideachta líonmhar de phoibleacánaigh agus de dhaoine eile ina luí ag bord ina gcuibhreann.

30. Agus bhí na Fairisínigh agus a gcuid scríobhaithe ag monabhar, á rá lena dheisceabail: “Cad chuige a bhfuil sibh ag ithe agus ag ól leis na poibleacánaigh agus na peacaigh?”

31. Agus dúirt Íosa leo á bhfreagairt: “Ní ag na daoine folláine a bhíonn gá le lia, ach ag na daoine tinne.

32. Ní hiad na fíréin ach na peacaigh a bhfuilim tagtha á nglaoch chun aithrí.”

33. Dúirt siad leis: “Bíonn deisceabail Eoin ag troscadh go minic agus ag déanamh urnaithe, agus deisceabail na bhFairisíneach mar an gcéanna; ach iad seo agatsa, bíonn siad ag ithe agus ag ól.”

34. Dúirt Íosa leo: “An féidir libh a thabhairt ar ógánaigh na bainse troscadh a dhéanamh, le linn don fhear nuaphósta bheith leo?

35. Ach tiocfaidh na laethanta, agus nuair a bheidh an fear nuaphósta tógtha uathu, ansin déanfaidh siad troscadh sna laethanta sin.”

36. Agus dúirt sé parabal leo: “Ní shracann aon duine píosa as casóg nua lena chur mar phreabán ar sheanchasóg: má dhéanann, beidh an chasóg nua sractha aige, agus fós ní réiteoidh an preabán as an gcasóg nua leis an sean.

37. Ná ní chuireann aon duine fíon nua i seanseithí: má chuireann, pléascfaidh an fíón nua na seithí; doirtfear an fíon agus millfear na seithí.

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 5