Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lúcás 5:11-19 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

11. Agus tharraing siad na báid aníos ar an trá, d'fhág siad gach uile ní agus lean é.

12. I gcathair áirithe dó, tharla fear ann a bhí lán de lobhra: agus ar fheiceáil Íosa dó, chaith sé é féin ar a bhéal agus rinne impí air á rá: “A Thiarna, más áil leat é, is féidir duit mé a ghlanadh.”

13. Agus shín sé amach a lámh agus bhain leis, ag rá: “Is áil, glantar thú!” Agus d'fhág an lobhra é láithreach.

14. Agus thug sé ordú dó gan a insint d'aon duine: “Ach imigh, taispeáin thú féin don sagart, agus déan an ofráil de chionn do ghlanta de réir mar a d'ordaigh Maois, mar fhianaise dóibh.”

15. Ba mhóide i gcónaí a bhí an tuairisc air ag leathnú, agus tháinig na daoine ina sluaite móra ag éisteacht leis agus ag fáil leigheas ar a n‑éagruais.

16. Ach théadh sé féin i leataobh isteach sna fásaigh agus dhéanadh guí.

17. Tharla aon lá amháin agus é ag teagasc, go raibh Fairisínigh agus máistrí dlí ina suí ann a bhí tar éis teacht as gach baile sa Ghailíl agus in Iúdáia, agus as Iarúsailéim freisin; agus bhí cumhacht an Tiarna ag tabhairt air bheith ag déanamh leigheas.

18. Tháinig fir an treo agus iad ag iompar ar leaba duine a bhí ina phairiliseach, agus bhí siad ag iarraidh é a bhreith isteach agus é a chur ina láthair.

19. Nuair nach bhfuair siad slí chun é a bhreith isteach mar gheall ar an slua, chuaigh siad in airde ar an teach agus scaoil síos trí na leaca é féin agus an réleaba i lár baill os comhair Íosa.

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 5