Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lúcás 4:1-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Tháinig Íosa, agus é lán den Spioraid Naomh, ar ais ón Iordáin, agus seoladh faoi luí an Spioraid san fhásach é

2. go ceann daichead lá, á phromhadh ag an diabhal. Agus níor ith sé aon ní sna laethanta sin, agus nuair a bhí siad caite bhí ocras air.

3. Dúirt an diabhal leis: “Más tú Mac Dé, abair leis an gcloch seo arán a dhéanamh di.”

4. Agus d'fhreagair Íosa é: “Tá scríofa: ‘Ní ar arán amháin a mhairfidh an duine.’ ”

5. Agus tar éis do é a sheoladh suas ar ard, thaispeáin sé dó ríochtaí uile na cruinne i nóiméad aimsire;

6. agus dúirt an diabhal leis: “Tabharfaidh mé duit an forlámhas seo uile agus a nglóir siúd, óir is ar mo láimh a tugadh é, agus tugaim dó cibé is áil liom é.

7. Dá bhrí sin, má dhéanann tusa adhradh i mo láthair, is leat é uile.”

8. Dúirt Íosa leis á fhreagairt: “Tá scríofa: ‘Adharfaidh tú an Tiarna do Dhia, agus is dó amháin a bheidh tú ag seirbhís.’ ”

9. Ansin sheol sé go Iarúsailéim é, chuir sé ar bhinn an Teampaill é agus dúirt leis: “Más tú Mac Dé, caith tú féin as seo síos;

10. óir tá scríofa: ‘Tabharfaidh sé ordú dá aingil mar gheall ort, chun go ngardálfaidís tú’;

11. agus: ‘Iompróidh siad ina lámha tú, le heagla go mbuailfeá do chos faoi chloch.’ ”

12. Dúirt Íosa leis á fhreagairt: “Tá ráite: ‘Ní bhainfidh tú triail as an Tiarna do Dhia.’ ”

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 4