Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lúcás 3:4-20 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. mar atá scríofa i leabhar ráite Íseáia fáidh:“Glór duine ag éamh san fhásach:‘Réitígí bóthar an Tiarna,déanaigí díreach a chasáin.

5. Líonfar gach cumar,agus ísleofar gach sliabh agus cnocán;déanfar na camshlite díreachagus na bóithre anacra réidh,

6. agus feicfidh an uile cholainn slánú Dé.’ ”

7. Dúirt sé ansin leis na sluaite a bhí ag teacht amach chun baiste a fháil uaidh: “A sceith na bpéisteanna, cé a thug leid daoibh teitheadh ón díbheirg atá le teacht?

8. Tugaigí, más ea, torthaí uaibh is dual don aithrí. Agus aire daoibh gan a rá libh féin: ‘Tá Abrahám ina athair againn,’ óir deirim libh gur féidir le Dia clann d'Abrahám a thógáil as na clocha seo.

9. Anois féin, tá an tua le fréamh na gcrann, agus gach crann nach dtugann toradh fónta uaidh, gearrfar anuas agus caithfear sa tine é.”

10. Agus bhí na sluaite ag fiafraí de: “Cad tá le déanamh againn, más ea?”

11. Dúirt sé leo á bhfreagairt: “An té a bhfuil dhá chóta aige, tugadh sé cóta don té atá ina uireasa, agus an té a bhfuil rud le hithe aige, déanadh sé a leithéid chéanna.”

12. Tháinig poibleacánaigh freisin chun baiste a fháil agus dúirt siad leis: “A mháistir, cad tá le déanamh againne?”

13. Dúirt sé leo: “Gan níos mó a éileamh ná a bhfuil ordaithe daoibh.”

14. D'fhiafraigh saighdiúirí de, freisin: “Agus cad tá le déanamh againne?” Agus dúirt sé leo: “Gan éigean a dhéanamh ar dhuine ar bith, ná dearbhú éithigh; agus sibh a bheith sásta le bhur bpá.”

15. Ó bhí an pobal ar fionraí, agus cách ag machnamh ina gcroí i dtaobh Eoin, go mb'fhéidir gurbh é an Críost é,

16. d'fhreagair Eoin á rá leo uile: “Táimse do bhur mbaisteadh le huisce, ach tá an té ag teacht atá níos treise ná mé, nach fiú mé iall a chuarán a scaoileadh; baistfidh seisean sibh leis an Spiorad Naomh agus le tine.

17. Tá a cháiteog ina láimh aige chun a láithreán a léirghlanadh agus an t‑arbhar a chruinniú isteach ina scioból, ach dóifidh sé an lóchán le tine dhomhúchta.”

18. Agus trína lán nithe eile fós a rá leo á spreagadh, bhí sé ag fógairt an dea-scéil don phobal.

19. Héaród an rí cúige, áfach, a fuair milleán uaidh faoi Héaróidias, bean a dhearthár, agus faoi na drochbhearta uile a bhí déanta aige,

20. chuir sé an drochbheart seo i gceann an iomláin: Eoin a chur faoi ghlas i bpríosún.

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 3