Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lúcás 3:1-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Sa chúigiú bliain déag de réimeas Thibir Céasar, nuair a bhí Pointias Pioláit ina ghobharnóir ar Iúdáia, agus Héaród ina rí cúige ar an nGailíl, agus Pilib a dheartháir ina rí cúige ar cheantar Iotúráia agus Treachóinítis, agus Lusáinias ina rí cúige ar Aibiléiné,

2. faoi ardsagartacht Annas agus Cháiafas, tháinig briathar Dé chun Eoin mac Zachairias san fhásach.

3. Agus ghabh sé ar fud na tíre go léir timpeall na Iordáine ag fógairt bhaiste aithrí chun peacaí a mhaitheamh,

4. mar atá scríofa i leabhar ráite Íseáia fáidh:“Glór duine ag éamh san fhásach:‘Réitígí bóthar an Tiarna,déanaigí díreach a chasáin.

5. Líonfar gach cumar,agus ísleofar gach sliabh agus cnocán;déanfar na camshlite díreachagus na bóithre anacra réidh,

6. agus feicfidh an uile cholainn slánú Dé.’ ”

7. Dúirt sé ansin leis na sluaite a bhí ag teacht amach chun baiste a fháil uaidh: “A sceith na bpéisteanna, cé a thug leid daoibh teitheadh ón díbheirg atá le teacht?

8. Tugaigí, más ea, torthaí uaibh is dual don aithrí. Agus aire daoibh gan a rá libh féin: ‘Tá Abrahám ina athair againn,’ óir deirim libh gur féidir le Dia clann d'Abrahám a thógáil as na clocha seo.

9. Anois féin, tá an tua le fréamh na gcrann, agus gach crann nach dtugann toradh fónta uaidh, gearrfar anuas agus caithfear sa tine é.”

10. Agus bhí na sluaite ag fiafraí de: “Cad tá le déanamh againn, más ea?”

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 3