Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lúcás 23:50-56 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

50. Tháinig i láthair ansin fear darbh ainm Iósaef, ba bhall den chomhairle, duine maith fíréanta.

51. Níor thug sé seo aontú le hintinn ná le míghníomh na mball eile. As Airiomatáia dó, cathair Iúdach, agus é ag súil le ríocht Dé.

52. Chuaigh sé seo go dtí Pioláit agus d'iarr corp Íosa air.

53. Ansin thóg sé anuas den chros é, d'fhill i línéadach é agus chuir i dtuama é a bhí gearrtha sa charraig, nár cuireadh aon duine ann roimhe riamh.

54. B'é lá an ullmhaithe é, agus an tsabóid ag druidim leo.

55. Agus na mná a bhí tagtha ón nGailíl in éineacht leis, lean said Iósaef agus chonaic siad an tuama agus an socrú a tugadh ar a chorp.

56. Ansin, ar dhul ar ais dóibh, d'ullmhaigh siad spíosraí agus olaí cumhra. Agus sa tsabóid, d'fhan siad ina gcónaí do réir na haithne.

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 23