Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lúcás 23:22-29 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

22. Dúirt sé leo den tríú huair: “Cén t‑olc mar sin a rinne an duine seo? Ní bhfuair mé rud ar bith ann a thuillfeadh bás. Dá bhrí sin, tar éis a smachtaithe dom, scaoilfidh mé saor é.”

23. Ach bhí siadsan á dhianéileamh de ghártha móra go gcéasfaí é, agus is ag neartú a bhí ar a nglórtha.

24. Ansin, thug Pioláit de bhreith an rud a d'iarr siad a thabhairt dóibh;

25. scaoil sé saor é siúd a teilgeadh i bpríosún mar gheall ar an gcíréib agus ar an dúnmharú - an té a d'iarr siad - ach thug sé Íosa suas chun a dtola.

26. Agus iad á sheoladh leo, leag siad lámh ar dhuine áirithe, Síomón, Cuiréanach, a bhí ag teacht ón tuath, agus bhuail siad an chros air lena hiompar i ndiaidh Íosa.

27. Bhí slua mór den phobal á leanúint, mar aon le complacht ban a bhí ag mairgneach air agus á chaoineadh.

28. Ach d'iompaigh Íosa chucu seo agus dúirt: “A iníona Iarúsailéim, ná bígí ag gol mar gheall ormsa, ach déanaigí gol mar gheall oraibh féin agus ar bhur gclann.

29. Óir féach, tá na laethanta ag teacht nuair a déarfar: ‘Is méanar do na mná atá aimrid; do na broinnte nár rug agus do na cíocha nár thál.’

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 23