Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lúcás 23:10-29 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

10. Uachtaráin na sagart agus na scríobhaithe, áfach, bhí siad ansiúd á chiontú ar a ndícheall.

11. Chaith Héaród, é féin agus a gharda, drochmheas air agus rínne sé ceap magaidh de; ansin, tar éis dó é a ghléasadh faoi róba taibhseach, chuir sé ar ais go dtí Pioláit é.

12. Agus tháinig Héaród agus Pioláit chun bheith ina gcairde dá chéile an lá sin féin, óir bhídís in earraid le chéile roimhe sin.

13. Ghlaoigh Pioláit uachtaráin na sagart agus na cinn urra agus an pobal le chéile

14. agus dúirt sé leo: “Tá sibh tar éis an duine seo a thabhairt os mo chomhair i leith é a bheith ag saighdeadh an phobail chun ceannairce. Sea anois; scrúdaigh mé féin an scéal in bhur láthair, agus ní bhfuair mé an duine seo ciontach i rud ar bith dá bhfuil sibh a chur ina leith.

15. Ní bhfuair ná Héaród, ós rud é gur chuir sé ar ais chugainn é. Is léir nach bhfuil rud ar bith déanta aige a thuillfeadh bás.

16. Dá bhrí sin, tar éis a smachtaithe dom, scaoilfidh mé saor é.”

17. Ach b'éigean dó aon duine amháin a scaoileadh chucu le linn na féile.

18. Thosaigh siad uile ag screadach amach in éineacht: “Beir uainn é seo, ach scaoil chugainn Barabas!” -

19. duine eisean a teilgeadh i bpríosún mar gheall ar chíréib a tharla sa chathair, agus mar gheall ar dhúnmharú.

20. Chuir Pioláit caint orthu arís, mar b'áil leis Íosa a scaoileadh saor.

21. Ach bhí siad ag liúireach: “Céas é, céas é!”

22. Dúirt sé leo den tríú huair: “Cén t‑olc mar sin a rinne an duine seo? Ní bhfuair mé rud ar bith ann a thuillfeadh bás. Dá bhrí sin, tar éis a smachtaithe dom, scaoilfidh mé saor é.”

23. Ach bhí siadsan á dhianéileamh de ghártha móra go gcéasfaí é, agus is ag neartú a bhí ar a nglórtha.

24. Ansin, thug Pioláit de bhreith an rud a d'iarr siad a thabhairt dóibh;

25. scaoil sé saor é siúd a teilgeadh i bpríosún mar gheall ar an gcíréib agus ar an dúnmharú - an té a d'iarr siad - ach thug sé Íosa suas chun a dtola.

26. Agus iad á sheoladh leo, leag siad lámh ar dhuine áirithe, Síomón, Cuiréanach, a bhí ag teacht ón tuath, agus bhuail siad an chros air lena hiompar i ndiaidh Íosa.

27. Bhí slua mór den phobal á leanúint, mar aon le complacht ban a bhí ag mairgneach air agus á chaoineadh.

28. Ach d'iompaigh Íosa chucu seo agus dúirt: “A iníona Iarúsailéim, ná bígí ag gol mar gheall ormsa, ach déanaigí gol mar gheall oraibh féin agus ar bhur gclann.

29. Óir féach, tá na laethanta ag teacht nuair a déarfar: ‘Is méanar do na mná atá aimrid; do na broinnte nár rug agus do na cíocha nár thál.’

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 23