Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lúcás 23:1-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. D'éirigh siad ansin, an comhthionól uile, agus sheol siad é i láthair Phioláit.

2. Thosaigh siad á chiontú á rá: “Fuaireamar é seo ag gríosadh ár náisiúin chun ceannairce, ag toirmeasc cíos a íoc le Céasar, agus ag rá gurb é féin Críost an rí.”

3. D'fhiafraigh Pioláit de: “An tusa Rí na nGiúdach?” Dúirt sé leis á fhreagairt: “Deir tú féin é.”

4. Dúirt Pioláit ansin le huachtaráin na sagart agus leis na sluaite: “Ní bhfaighim ciontacht ar bith sa duine seo.”

5. Ach ba dhéinide fós a n‑aitheasc siúd: “Bíonn sé ag corraí an phobail, ag teagasc ar fud Iúdáia go léir, ón nGailíl, mar ar thosaigh sé, go dtí an áit seo.”

6. Ar a chloisteáil sin do Phioláit, d'fhiafraigh sé ar Ghailíleach an duine,

7. agus nuair a fuair scéala gur as limistéar Héaród dó, chuir sé ag triall ar Héaród é, ó tharla in Iarúsailéim é sin freisin sna laethanta sin.

8. Bhí áthas ar Héaród Íosa a fheiceáil; b'é ab áil leis le fada radharc a fháil air, ó bheith ag cloisteáil trácht air, agus bhí sé ag súil le míorúilt éigin a fheiceáil á dhéanamh aige.

9. Chuir sé go leor ceisteanna air, ach níor thug seisean freagra ar bith air.

10. Uachtaráin na sagart agus na scríobhaithe, áfach, bhí siad ansiúd á chiontú ar a ndícheall.

11. Chaith Héaród, é féin agus a gharda, drochmheas air agus rínne sé ceap magaidh de; ansin, tar éis dó é a ghléasadh faoi róba taibhseach, chuir sé ar ais go dtí Pioláit é.

12. Agus tháinig Héaród agus Pioláit chun bheith ina gcairde dá chéile an lá sin féin, óir bhídís in earraid le chéile roimhe sin.

13. Ghlaoigh Pioláit uachtaráin na sagart agus na cinn urra agus an pobal le chéile

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 23