Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lúcás 2:38-46 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

38. Tháinig sí i láthair an uair sin féin, agus thug moladh agus buíochas do Dhia; agus labhair sí mar gheall air le cách a bhí ag súil le Iarúsailéim a fhuascailt.

39. Nuair a bhí gach ní curtha i gcrích acu de réir dhlí an Tiarna, d'fhill siad ar an nGailíl, go dtí a gcathair féin Nazarat.

40. Agus d'fhás an leanbh agus neartaigh, é lán d'eagna; agus bhí grásta Dé ina luí air.

41. Théadh a thuismitheoirí gach bliain go hIarúsailéim i gcoir féile na Cásca.

42. Agus nuair a bhí sé dhá bhliain déag, chuaigh siad suas de réir ghnás na féile;

43. agus nuair a bhí na laethanta caite acu, agus iad ag filleadh, d'fhan an buachaill Íosa in Iarúsailéim ina ndiaidh, gan fhios dá thuismitheoirí.

44. Shíl siad gur ar an gcomplacht a bhí sé, agus ar theacht dóibh siúl aon lae, bhí siad á lorg i measc a ngaolta agus a lucht aitheantais,

45. agus nuair nach bhfuair siad é, chuaigh siad ar ais go Iarúsailéim á lorg.

46. I gcionn trí lá fuair siad sa Teampall é ina shuí i measc na máistrí ag éisteacht leo agus ag cur ceisteanna chucu.

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 2