Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lúcás 2:20-33 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

20. Agus chuaigh na haoirí ar ais ag glóiriú agus ag moladh Dé faoinar chuala siad agus a bhfaca siad, de réir mar a bhí ráite leo.

21. Nuair a bhí ocht lá caite agus é le timpeallghearradh, tugadh Íosa mar ainm air, mar a thug an t‑aingeal air sular gabhadh sa bhroinn é.

22. Agus nuair a bhí na laethanta caite agus iad le híonghlanadh de réir dhlí Mhaois, thug siad go Iarúsailéim é le toirbhirt don Tiarna -

23. mar atá scríofa i ndlí an Tiarna: “Gach fíreannach atá ina chéadghin, is rud coisricthe don Tiarna é” -

24. agus chun go n‑ofrálfaidís mar íobairt, de réir a bhfuil ráite i ndlí an Tiarna, “péire colm nó dhá ghearrcach colúir.”

25. Bhí fear in Iarúsailéim darbh ainm Simeon, agus bhí an fear seo fíréanta diaga, ag súil le sólás Iosrael, agus bhí an Spiorad Naomh ina luí air.

26. Agus bhí foilsiú faighte ón Spiorad Naomh aige nach bhfeicfeadh sé an bás nó go bhfeicfeadh Meisias an Tiarna.

27. Tháinig sé, faoi luí an Spioraid, isteach sa Teampall; agus le linn dá thuismitheoirí bheith ag tabhairt an linbh Íosa isteach chun go ndéanfaidís ar a shon de réir nós an dlí,

28. ghlac seisean chuige ina ucht é, agus mhol Dia agus dúirt:

29. “Anois atá tú ag scaoileadh do sheirbhísigh uait, a Thiarna,de réir d'fhocail, faoi shíocháin,

30. mar tá mo shúile tar éis do shlánú a fheiceáil

31. atá ullamh agat faoi chomhair na bpobal uile:

32. solas chun na náisiúin a shoilsiúagus glóir do phobail Iosrael.”

33. Agus bhí a athair agus a mhathair ag déanamh ionadh de na nithe a dúradh mar gheall air.

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 2