Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lúcás 2:1-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Tharla sna laethanta sin go ndeachaigh forógra amach ó Chéasar Agust an domhan uile a chlárú.

2. B'é seo an chéad chlárú a rinneadh nuair a bhí Cuiríon ina ghobharnóir ar an tSuír.

3. Agus chuaigh cách chun a gcláraithe, gach aon duine go dtí a chathair féin.

4. Agus chuaigh Iósaef freisin suas ón nGailíl, ó chathair Nazarat, go hIúdáia, go dtí cathair Dháiví ar a nglaotar Beithil, de bhrí gur de theaghlach agus de threabhchas Dháiví é féin,

5. chun a chláraithe mar aon le Muire, a bhean chéile, a bhí ag iompar clainne.

6. Agus tharla, le linn dóibh bheith ann, gur tháinig a hionú,

7. agus rug sí a céadghin mic, agus chuir i gcrios ceangail é, agus shín i mainséar é, de bhrí nach raibh slí dóibh san ósta.

8. Agus bhí aoirí sa taobh tíre céanna, amuigh faoin spéir, ag faireacháin oíche i mbun a dtréada.

9. Agus sheas aingeal an Tiarna láimh leo, agus shoilsigh glóir an Tiarna ina dtimpeall, agus bhí uamhan agus eagla mhór orthu.

10. Agus dúirt an t‑aingeal leo: “Ná bíodh eagla oraibh: óir féach, tá dea-scéala agam daoibh a chuirfidh áthas mór ar an bpobal uile:

11. rugadh Slánaitheoir daoibh inniu - is é Críost an Tiarna é - i gcathair Dháiví.

12. Agus is comhartha daoibh é seo: gheobhaidh sibh naíonán i gcrios ceangail agus é ina luí i mainséar.”

13. Agus bhí go tobann, mar aon leis an aingeal, cuallacht de shlua na bhflaitheas ag moladh Dé agus ag rá:

14. “Glóir do Dhia in uachtar neimhe,agus síocháin ar talamh don mhuintir ar a bhfuil a ghnaoi!”

15. Agus nuair a d'imigh na haingil uathu sna flaithis, dúirt na haoirí le chéile: “Téimis anonn go Beithil, agus feicimis an ní seo a tharla a d'inis an Tiarna dúinn.”

16. Agus d'imigh go deifreach, agus fuair siad Muire agus Iósaef, agus an naíonán ina luí sa mhainséar.

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 2