Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lúcás 19:32-48 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

32. D'imigh na teachtairí agus fuair siad de réir mar a dúirt sé leo.

33. Le linn dóibh bheith ag scaoileadh an tsearraigh, dúirt na húinéirí leo: “Cad chuige a bhfuil sibh ag scaoileadh an tsearraigh?”

34. Dúirt siad: “Mar go bhfuil gá ag an Tiarna leis,”

35. agus thug siad go dtí Íosa é, agus tar éis dóibh a mbrait a chaitheamh ar an searrach, chuir siad Íosa ar a mhuin.

36. Agus ag gluaiseacht dó, bhí siad ag leathadh a mbrat ar an mbóthar.

37. Bhí sé faoin am seo ag teacht i ngar do chliathán Chnoc na nOlóg síos, nuair a thosaigh lánchuallacht na ndeisceabal, agus iad lán d'áthas, ag moladh Dé de ghlór ard mar gheall ar a raibh de mhíorúiltí feicthe acu,

38. á rá:“Is beannaithe an té atá ag teacht ina rí, in ainm an Tiarna!Síocháin sna flaithis, agus glóire in uachtar neimhe.”

39. Agus cuid de na Fairisínigh a bhí sa slua, dúirt siad leis: “A Mháistir, cuir ceartú ar do dheisceabail.”

40. D'fhreagair sé agus dúirt: “Deirim libh, má bhíonn siad seo ina dtost, screadfaidh na clocha amach.”

41. Nuair a tháinig sé i ngar don chathair agus radharc aige uirthi, ghoil sé mar gheall uirthi,

42. ag rá: “Dá mbeadh a fhios agatsa freisin, sa lá seo, na nithe atá de dhíth chun síochána! ach is amhlaidh atá siad i bhfolach ó do shúile.

43. Óir béarfaidh na laethanta ort nuair a chuirfidh do naimhde páil léigir umat, nuair a thimpeallóidh siad tú agus cúngrach a dhéanamh ort ó gach taobh;

44. nuair a bhascfaidh siad ar lár thú féin agus do chlann atá ionat, gan cloch ar mhuin cloiche a fhagáil ionat, de bhrí nár aithin tú aimsir d'fhiosraithe.”

45. Ansin, ar dhul isteach sa Teampall dó, thosaigh sé ag tiomáint na ndíoltóirí amach,

46. ag rá leo: “Tá scríofa: ‘Beidh mo theach ina theach urnaithe’; ach tá uaimh robálaithe déanta agaibhse de.”

47. Bhíodh sé ag teagasc gach lá sa Teampall. Bhí uachtaráin na sagart agus na scríobhaithe ag iarraidh é a mhilleadh, agus cinn an phobail chomh maith;

48. ach ní raibh a fhios acu cad a dhéanfaidís, óir bhí an pobal uile ar bís ag éisteacht leis.

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 19