Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lúcás 19:3-20 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

3. bhí sé ag iarraidh radharc a fháil ar Íosa, cérbh é féin; ach ní fhéadfadh de dheasca an tslua, óir bhí sé íseal ina phearsa.

4. Agus rith sé roimhe chun cinn agus chuaigh in airde i gcrann seiceamair chun go bhfeicfeadh sé é, óir is thairis sin a bhí sé le gabháil.

5. Nuair a tháinig Íosa go dtí an áit, bhreathnaigh sé suas agus dúirt leis: “A Zacháias, déan deifir agus tar anuas, óir is i do theachsa nach foláir dom fanacht inniu.”

6. Agus tháinig sé anuas go deifreach agus chuir fáilte roimhe go háthasach.

7. Ar a fheiceáil sin do chách, bhí siad ag monabhar á rá: “Tá sé tar éis dul ar lóistín ag peacach.”

8. Ach dúirt Zacháias go croíúil leis an Tiarna: “Is é a dhéanfaidh mé, a Thiarna, leath mo mhaoine a thabhairt do na boicht, agus má bhain mé aon ní go héagórach d'aon duine, déanfaidh mé aisíoc leis faoi cheathair.”

9. Dúirt Íosa leis: “Tá slánú tar éis teacht chun an tí seo inniu, mar is mac d'Abrahám an duine seo freisin:

10. óir tháinig Mac an Duine chun an rud a bhí caillte a lorg agus a shlánú.”

11. Ag éisteacht dóibh leis an méid sin, lean sé air agus labhair parabal, de bhrí go raibh sé i ngar do Iarúsailéim agus gur síleadh dóibh ríocht Dé a bheith le taibhsiú láithreach.

12. Uime sin a dúirt: “Chuaigh duine de threibh uasal go tír i gcéin chun céim ríoga a bhaint amach dó féin agus filleadh ansin.

13. Ghlaoigh sé ar dheichniúr dá sheirbhísigh agus thug dóibh deich míoná agus dúirt leo: ‘Bígí i mbun gnó go dtaga mé.’

14. Ach bhí fuath ag a chomhthírigh dó, agus chuir siad teachtaí ina dhiaidh chun a rá: ‘Ní áil linn é seo a bheith ina rí orainn.’

15. Ach ar a theacht ar ais i dtráth agus an chéim ríoga bainte amach aige, d'ordaigh sé fios a chur ar na seirbhísigh úd chuige a raibh an t‑airgead tugtha aige dóibh, chun go mbeadh a fhios aige cad a bhí de bharr a ngnó acu faoi seach.

16. Tháinig an chéad duine i láthair agus dúirt: ‘A thiarna, ghnóthaigh do mhíoná deich míoná.’

17. Dúirt sé leis: ‘Is maith sin, a dhea-sheirbhísigh; de bhrí go raibh tú iontaofa faoin mbeagán, bíodh forlámhas agat ar dheich gcathair.”

18. Tháinig an dara duine agus dúirt: ‘Rinne do mhíoná cúig mhíoná, a thiarna.’

19. Dúirt sé leis sin chomh maith: ‘Tusa mar an gcéanna, bí i gceannas ar chúig chathair.’

20. Ach tháinig an duine eile agus dúirt: ‘A thiarna, seo duit do mhíoná; bhí sé i gcoimeád agam i naipcín.

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 19