Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lúcás 19:10-25 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

10. óir tháinig Mac an Duine chun an rud a bhí caillte a lorg agus a shlánú.”

11. Ag éisteacht dóibh leis an méid sin, lean sé air agus labhair parabal, de bhrí go raibh sé i ngar do Iarúsailéim agus gur síleadh dóibh ríocht Dé a bheith le taibhsiú láithreach.

12. Uime sin a dúirt: “Chuaigh duine de threibh uasal go tír i gcéin chun céim ríoga a bhaint amach dó féin agus filleadh ansin.

13. Ghlaoigh sé ar dheichniúr dá sheirbhísigh agus thug dóibh deich míoná agus dúirt leo: ‘Bígí i mbun gnó go dtaga mé.’

14. Ach bhí fuath ag a chomhthírigh dó, agus chuir siad teachtaí ina dhiaidh chun a rá: ‘Ní áil linn é seo a bheith ina rí orainn.’

15. Ach ar a theacht ar ais i dtráth agus an chéim ríoga bainte amach aige, d'ordaigh sé fios a chur ar na seirbhísigh úd chuige a raibh an t‑airgead tugtha aige dóibh, chun go mbeadh a fhios aige cad a bhí de bharr a ngnó acu faoi seach.

16. Tháinig an chéad duine i láthair agus dúirt: ‘A thiarna, ghnóthaigh do mhíoná deich míoná.’

17. Dúirt sé leis: ‘Is maith sin, a dhea-sheirbhísigh; de bhrí go raibh tú iontaofa faoin mbeagán, bíodh forlámhas agat ar dheich gcathair.”

18. Tháinig an dara duine agus dúirt: ‘Rinne do mhíoná cúig mhíoná, a thiarna.’

19. Dúirt sé leis sin chomh maith: ‘Tusa mar an gcéanna, bí i gceannas ar chúig chathair.’

20. Ach tháinig an duine eile agus dúirt: ‘A thiarna, seo duit do mhíoná; bhí sé i gcoimeád agam i naipcín.

21. Óir bhí eagla orm romhat, de bhrí gur duine dian tú; glacann tú chugat an rud nár chuir tú i dtaisce agus baineann tú an fómhar nár chuir tú a shíol.’

22. Dúirt sé leis: ‘Tabharfaidh mé breith do bhéil féin ort, a dhroch-sheirbhísigh! Bhí a fhios agat, an raibh, gur duine dian mé, ag glacadh chugam an rud nár chuir mé i dtaisce, agus ag baint an fhómhair nár chuir mé a shíol?

23. Cad chuige más ea nár chuir tú mo chuid airgid ar gaimbín? Agus nuair a thiocfainn, dhéanfainn é éileamh le hús.’

24. Agus dúirt sé leo seo a bhí i láthair: ‘Bainigí de an míoná, agus tugaigí é dó seo a bhfuil na deich míoná aige.’

25. ‘Ach, a thiarna,’ ar siad sin leis, ‘tá deich míoná aigesean.’

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 19