Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lúcás 17:1-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Dúirt sé lena dheisceabail: “Ní féidir gan na scannail a theacht, ach is mairg don té trína dtagann siad;

2. b'é a leas go gcrochfaí cloch mhuillinn faoina mhuineál agus é theilgean san fharraige níos túisce ná thabharfadh sé scannal d'aon duine amháin de na daoine beaga seo.

3. Aire daoibh! Má pheacaíonn do bhráthair, tabhair casaoid dó, agus má bhíonn aithreachas air, maith dó.

4. Agus má pheacaíonn sé i d'aghaidh seacht n‑uaire sa lá agus go n‑iompóidh sé chugat seacht n‑uaire, ag rá: ‘Tá aithreachas orm’, maith dó.”

5. Dúirt na haspail leis an Tiarna: “Méadaigh an creideamh againn.”

6. Ach dúirt an Tiarna: “Dá mbeadh oiread ghráinne an tsíl mhustaird de chreideamh agaibh, déarfadh sibh leis an gcrann maoildeirge seo: ‘Baintear as do fhréamhacha tú, agus déan tú féin a phlandáil san fharraige!’ agus dhéanfadh sé rud oraibh.

7. “Cé agaibh a mbíonn seirbhíseach aige ag treabhadh nó ag aoireacht, a déarfaidh leis nuair a thagann sé isteach ón ngort: ‘Tar anois agus buail fút ag bord’?

8. Ina ionad sin, nach é a déarfaidh sé leis: ‘Réitigh rud chun dinnéir dom, fáisc crios fút féin agus freastail orm, nó go mbeidh ite agus ólta agam, agus ansin déanfaidh tú féin ithe agus ól’?

9. An ea go mbíonn sé faoi chomaoin ag an seirbhíseach de chionn go ndearna seisean a raibh ordaithe?

10. Amhlaidh sin daoibhse; nuair a bhíonn gach a raibh ordaithe daoibh déanta agaibh, abraigí: ‘Is seirbhísigh gan aird sinn: níl déanta againn ach an méid a bhí d'fhiacha orainn a dhéanamh.’ ”

11. Ansin, sa tslí dó go Iarúsailéim, ghabh sé feadh na teorann idir an tSamáir agus an Ghailíl;

12. agus le linn dó bheith ag dul isteach i mbaile áirithe, tháinig faoina dhéin deichniúr lobhar. Stad siad tamall uaidh,

13. agus labhair siad go hard á rá: “A Íosa, a Mháistir, bíodh trua agat dúinn!”

14. Ar a fheiceáil sin dó, dúirt sé leo: “Imígí agus taispeánaigí sibh féin do na sagairt.” Agus ag dul ann dóibh, glanadh iad.

15. Ach ar a fheiceáil do dhuine acu go raibh sé leigheasta, tháinig sé ar ais agus é ag tabhairt glóire do Dhia de ghlór ard,

16. agus chaith é féin ar a bhéal ag cosa Íosa ag tabhairt buíochais dó. Agus ba Shamárach eisean.

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 17