Sean-Tiomna

Tiomna Nua

Lúcás 14:19-30 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

19. Dúirt duine eile: ‘Tá cúig cuingireacha damh ceannaithe agam, agus táim ag dul á dtriail; iarraim ort mo leithscéal a ghabháil.’

20. Agus dúirt duine eile: ‘Táim tar éis pósta, agus dá bhrí sin ní fhéadaim dul.’

21. Tháinig an seirbhíseach ar ais agus d'inis an méid sin dá mháistir. Dúirt fear an tí lena sheirbhíseach ansin, agus fearg air: ‘Amach leat gan stad faoi shráideanna agus faoi chabhsaí na cathrach, agus seol isteach anseo na boicht agus na mairtínigh agus na daill agus na bacaigh.’

22. Dúirt an seirbhíseach: ‘A mháistir, tá ar ordaigh tú déanta, ach tá slí fós ann.’

23. Agus dúirt an máistir leis an seirbhíseach: ‘Téigh amach ar na bóithre agus le hais na bhfál, agus cuir d'fhiacha orthu teacht isteach, ionas go mbeidh mo theach lán.

24. Óir deirim libh, na fir úd a fuair an cuireadh, ní bhlaisfidh aon duine acu mo dhinnéar.’ ”

25. Bhí sluaite móra á thionlacan, agus d'iompaigh sé agus dúirt leo:

26. “Má thagann aon duine chugam agus gan fuath a bheith aige dá athair agus dá mháthair agus dá bhean agus dá chlann agus dá dheartháireacha agus dá dheirfiúracha, agus fiú amháin dá anam féin, ní féidir dó bheith ina dheisceabal agam.

27. Cibé nach ndéanann a chros a iompar agus teacht i mo dhiaidh, ní féidir dó bheith ina dheisceabal agam.

28. Óir cé agaibh arb áil leis túr a thógáil, nach suífidh síos ar dtús agus an costas a mheas, féachaint an acmhainn dó é a chríochnú?

29. Le heagla, tar éis dó bonn a leagan agus gan air a chumas é a thabhairt chun críche, go dtosódh an lucht féachana ag fonóid faoi á rá:

30. ‘Thosaigh an duine seo ag tógáil agus níor chumas dó é thabhairt chun críche!’

Léigh chaibidil críochnaithe Lúcás 14